ailt
reatha
cartlann
ailt
ealaín trí ghaeilge
foinsí
foclóra
deontais
nascanna
|
Butter-man Beuys back again at the Irish Museum of Modern Art
Fear an ime ar ais ag IMMA
Pluideanna feilte, mámanna ime, carranna sleamhnáin--tá smaointe fánacha an ghúrú Ghearmánaigh Joseph Beuys beo in athuair in Áras Nua-Ealaíne Éireann.
An cuimhin le héinne agaibh the Great Gonzo? B'shin an carachtar sa Muppet Show leis an gcrúca mór de shrón a raibh spéis aige sa chur i láthair avant garde. An boc a sheasadh ar an stáitse, cearc faoi chaon ascaill aige nó go bfógraíodh sé--"I will now perform the soliloquy from Henry 11 to the accompaniment of tuned chickens". Bhaineadh sé fáisceadh as na cearca ansin (agus gogallach sceimhlithe dá réir) nó go dtosaíodh sé "Now is the winter of our discontent·."
Níor thuig mé ag an am é, thiar sna seachtóidí nuair a bhí na Muppets i mbarr a réime, ach is ag spochadh as an ealaín oirfideach (performance art a dhuine) a bhíodh an Gonzo Mór. Seachas éinne, is cinnte go raibh tionchar mór ag an ealaíontóir Gearmánach Joseph Beuys ar an nGonzo, mar a bhí aige ar ealaíontóirí oirfidigh ar fud na cruinne i gcaitheamh na tréimhse sin agus ó shin. An tseachtain seo a caitheadh in Áras Nua-Ealaíne Éireann i mBaile Átha Cliath, cuireadh tús le ceann de na taispeántais is mó dá bhfacthas riamh de ghné thábhachtach de shaothar Beuys, a chuid ilsaothair, nó Multiples.
Fear é Beuys (abair Boyce) a raibh miotas mór ag baint leis ó thús. Sa Ghearmáin a rugadh é sa bhliain 1921. Is ag dul le dochtúireacht a bhí sé nuair a phléasc an darna cogadh mór. Liostáladh é sa Luftwaffe (nó ar liostáil sé dá dheoin fhéin?) agus baineadh a eitleán den aer thoir i sléibhte na hÚcráine i 1943. Bhí sé ar leic an bháis, caite ar fhleasc a dhroma sa sneachta, nuair a tháinig treibh Tartair air. Chlúdaigh siad a chorp le him agus chas siad pluid feilte thart air ar mhaithe leis an teas is an dé a choinneáil ann. Ceanglaíodh in airde ar charr sleamhnaín é agus tugadh chun bealaigh é.
Nuair a chuaigh sé leis an ealaín na blianta ina dhiaidh sin, bhí tábhacht mhór leis an dá ábhar sin, feilt agus im, nó geir, ina shaothar. Go deimhin, suite i gceartlár an tseó seo, tá ceann de na píosaí is cáiliúla dá chuid--pluid feilte agus tóirse, ceangailte de charr sleamhnáin agus mám geir taobh leo. Cineál trealaimh bhunúsaigh leis an duine a thabhairt slán tríd an saol atá i gceist leis an bhfoireann uirlisí seo: feilt--an cosantóir ón bhfuacht a thugann slán sinn; an gheir, bia a bheathaíonn is a thugann fuinneamh dúinn agus an solas, lóchrann an eolais a shoilsíonn an bealach romhainn.
Fear feachtas polaitiúil, múinteoir agus ealaíontóir raidiciúil--is iad Beuys agus fear mór eile na gcoincheapanna, Marcel Duchamp, an bheirt ba mhó b'fhéidir a raibh tionchar acu ar an nua-ealaín sa darna cuid den bhfichiú haois. Ach tá difear mór eatarthu sa méid is gur chreid Beuys go daingean san ealaín mar uirlis leis an saol a athrú chun feabhais. Ealaíontóir paiseanta engagé a bhí ann ar feadh a shaoil.
Is é Duchamp an chéad duine a chuimhnigh ar shaothair nua-ealaíne a eisiúint ina n-eagrán, mar a bhí déanta le priondaí go mórmhór, le fada an lá. Thug seisean faoin obair ar mhaith le pointe a dhéanamh, chun tabhairt le fios nach raibh aon tábhacht ar leith ag baint le saothar ealaíne ar leith mar rud ann fhéin. Tá an smaoineamh céanna ag roinnt le Multiples Beuys, ach anuas ar sin, is ar mhaithe lena chuid smaointe a chraobhscaoileadh go príomha a cheap seisean a chuid ilsaothar.
Sa seó mór seo a bhfuil sciathán thoir IMMA líonta aige (beidh sé le feiceáil ann go dtí an 25 Iúil) tá Multiples Beuys leagtha amach de réir téamaí éagsúla a rith ina shnátha trína shaothar agus a shaol. Ina measc tá Fuinneamh, Cruthaitheacht, Saol an Nádúir, Cumarsáid, Leigheas agus Cneasú, Múineadh agus Foghlaim, Gníomhaíocht Pholaitiúil, Bunábhair, chomh maith le rannóga a phleann Beuys mar Eolaí Spioradálta agus ceangal an ealaíontóra le hÉirinn.
Tá dhá chinéal ilsaothair le feiceáil i measc na gcéadta rud (an bhfuil aon fhocal Gaeilge níos sásúla ag éinne ar "object"?) sa taispeántas seo. Tá mionphíosaí dealbhóireachta agus saothair ghrafacha ar nós an chairr shleamhnáin agus sraitheanna éagsúla liotagrafanna. Ansin tá ábhair go leor eile a dtabharfadh lucht leanúna Duchamp "readymades" orthu--sé sin ábhair a phioc Beuys suas agus a chuir sé a shíniú leo, rud a chuir luach an tsaothair ealaíne orthu ar an bpointe.
Tá cupla sampla anseo de chlúdaigh irisí nó leathanaigh ó nuachtáin a raibh scéal faoi Beuys foilsithe iontu. Iris Shasanach ó na seachtóidí leis an gceannlíne "Beuys will be Beuys" mar shampla agus pictiúr dó fhéin ag straoisíl amach ón leathanach. Tá ceann eile, alt tarcaisniúil a foilsíodh i bpáipéar tablóideach sa Ghearmáin a bhaisteann "an Máistir" air le teann searbhais. An rud a dhéanadh Beuys ná scór cóip den bhfoilseachán a cheannach agus a shíniú a chur leo. Dhíolfaí ansin iad mar shaothair ealaíne. Gníomh soiniciúil caipitliceach a déarfá agus an ceart agat. Ach leis an gceart a thabhairt dó, chaitheadh sé oiread airgid ar a chuid feachtaisí polaitíochta nár fhear saibhir riamh é fhéin (caitheadh amach é as a phost buan i Dusseldorf i 1972 de bharr a chuid agóidíochta, bhí baint aige le bunú an Pháirtí Ghlais sa Ghearmáin sna seachtóidí agus sheas sé i dtoghchán an Bundestag i 1980).
Ó tharla gur ar an ngníomh, ar an gcur i láthair beo chomh maith leis na "rudaí" a chruthaíodh sé a bhfuil oidhreacht Beuys bunaithe air, is geall le cuairt a thabhairt ar mhúsaem staire seachas ar mhúsaem ealaíne an seó seo a fheiceáil. Díreach mar atá tábhacht níos mó ag baint leis an raidhfil ó 1916 a fheicfeas tú sa chás gloine i músaem Sráid Chill Dara ná an seanghunna a choinníodh do dhaideó leis na coiníní a choinneáil amach ón ngabáiste, tá stadas ar leith ag raidhfil an mhúsaem de bharr a cheangail le miotas, le laethanta cinniúnacha i stair an náisiúin. Tá an ceangal céanna le miotas Beuys ag cuid mhaith dá bhfuil le feiceáil i seó IMMA--uirlisí, ábhair, "rudaí" ar bhain sé úsáid astu lena chuid smaointe a chur chun cinn. Leis na scéalta uafáis atá ag teacht chugainn lá i ndiaidh lae ó na Balcáin, b'fhéidir gur tráthúil an t-am é le spiorad ídéalach, daonlathach Beuys, is a fhís don ealaín mar íocshláinte don uile dhuine a thabhairt chun cuimhne is a cheiliúradh.
Back
to top of page
|
|