|
Bád Sí Nissan ar an sáile faoi dheireadh
Tá muid ag fanacht is ag fanacht ar an mbád ach tá sí mall ag teacht. Trí mhí mall le bheith cruinn. Ach bád sí í seo, cineál árthaigh nár chloígh riamh go rómhaith le hamchlár an tsaoil seo. Bád solais atá sa bhád sí áirithe seo, a shoilsíodh an bealach do mhairnéalaigh tráth is iad ag taistil na farraige cáite. Anois tá sí tagtha i dtír faoi dheireadh, í ceangailte leis an gcéibh gar do bhéal na Life.
Le fírinne, ní cruinn dáiríre bád sí a thabhairt fós ar an Albatross, an seansoitheach meirgeach atá faighte ar iasacht ag an ealaíontóir Dorothy Cross. Ach faoin am go mbeidh sí clúdaithe le péint lonrach agus curtha ar ancaire amach ó chuan Dhún Laoghaire, í fágtha ansiúd le lonrú sa dorchadas amuigh sa bhá gach oíche ar feadh coicíse i mí Feabhra, faoin am sin beidh an teideal bád sí tuillte go maith aici.
Mí Bhealtaine anuraidh a fógraíodh an plean. Bhí gradam ealaíne Nissan na bliana bainte ag Dorothy Cross ó Chorcaigh lena togra "The Ghost Ship". Duais bhliantúil atá i nGradam Nissan, é á eagru ag Áras Nua-Ealaíne Éireann le togra poiblí neamhbhuan nua-ealaíne a dhearadh. Roghnaíodh coincheap Cross mar gur saothar taibhsiúil, so-thuigthe a bhí ann, aisling aduain a bhéarfadh greim ar shamhlaíocht an phobail.
Rud amháin é an plean - rud eile an cur i gcrích. Sna comhráití gutháín, sna nótaí faics, sna litreacha ríomhphoist a d'imigh anonn is anall eadrainn sna míonna ó thosaigh ár gcuid taighde i mí Lúnasa don séasúr teilifíse '98 - '98, ríomh Dorothy Cross dom na deacrachtaí, na castachtaí, na driseacha cosáin, na cait mhara, na cuaifeacha corporáideacha aniar aduaidh, na tránna folmha, na spaidhteanna feamainne gan trácht ar na scadáin dhearga a bhí ag teacht idir í fhéin agus an aisling a réalú. Ach bhí a cloigeann chomh lán de thaibhsiúlacht na haislinge fhéin nach raibh aon rud nó aon duine chun an plean a bhaint de dhroim seoil.
Faoi dheireadh, an tseachtain roimh Nollaig, tháinig an scéala go gcuirfí an bád sí i láthair an phobail sa chéad choicís de mhí Feabhra, ag tosnú san oíche Dé
Céadaoin an tríú lá.
Anois an mhaidin gheal Eanáír seo, tá an criú (teilifíse seachas naomhóige) is mé fhéin ina seasamh ar urlár an stiúideó aici i seanmhonarcha i lárthuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath. Lochta oscailte ar an nós Manhattanach atá anseo, áit chónaithe agus oibre araon don ealaíontóir seo a bhfuil a cáil ag dul i méid go hidirnáisiúnta ar feadh an ama. Amach na fuinneoga móra tá radharc ar dhíonta thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Már íocshláinte don spiorad sa timpeallacht neamhthrócaireach choincréid seo, tá foireann crócas ag péacadh leo aníos amach as soitheach adhmaid ar bhord i lár choirnéal na cistine.
Nuair a lastar na soilse agus an ceamara, labhrann Dorothy óna croí amach faoin mbád sí, faoin gcaoi go dtugadh a hathair an teaghlach acu amach ar bhád chuig an Daunt, seanbhád solais a shoilsíodh an bealach amach ó chósta Chorcaí.
Go luath sa teagmháil a bhí déanta agam le Dorothy, bhí dán le Nuala Uí
Dhomhnaill léi, An Bád Sí tarraingthe anuas agam léi agus an cúlra seanchais ar fad a bhain leis. Le cuid den saol sin a thabhairt isteach sa mhír teilifíse a raibh muid ag déanamh scannánaíochta air faoi dheireadh, bhí E ibhlín Ní Mhurchú an sárchainteoir sin a bhíonn le cloisteál go rialta ar chlár Raidió na Gaeltachta, Leagan Cainte, bhi sí faoi réir le cuid den seanchas sin a roinnt linn. Ar aghaidh na farraige amach ag Dumhach Trá, ina suí ar bhosca a bhaineann le treallamh fuaime a bhí Eibhlín anois. Mhínigh sí dom faoin gcaoi go dtugadh na hiascairí scian coise duibhe leo sa naomhóg le caitheamh le tonn mhór a thiocfadh aniar aduaidh orthu. Chreidtí go mba "rud sí" a bhí i dtonnta den chineál sin. Scaití ba ghá an scian a chaitheamh le bád sí
Tá sé nó seacht gcinn de chineálacha bád sí pléite ag Eibhlín taobh istigh de chupla nóiméad. Taobh thiar di sa chuan, tá bláthanna bána ar gharraí Phaddy Lally. I ndiaidh an agallaimh insím di gurb shin an rud a deirtear in Iorras nuair a bhíonn tonnta bána le feiceáil ar an bhfarraige cháite. Deir sise liomsa go ndeirtí i gCorca Dhuibhne i dtaobh daoine a báthadh is nár thángthas ar na coirp, gur i ngairdín na Maighdine Muire a bhí siad curtha.
Dé Céadaoin beag seo a sheolfar Ghost Ship Dorothy Cross ag ocáid i nDún Laoghaire. In ainneoin an chúraim go léir a caitheadh leis an taighde maidir le lonracht na péinte, le dorchadas an dorchadais, le gile na soilse agus na céadta dúshláin eile a bhí le sárú ag an soitheach sí, níl an t-ealaíontóir cinnte cé mar a éireoidh leis an bplean. "Saothar triaileach atá ar siúl anseo" a mhíníonn sí. "Níl aon ghradam eile mar Ghradam Nissan le fáil in aon áit eile ar domhan. Má éiríonn leis, beidh ríméad orm. Mura n-éiríonn, bhuel sin nádúr na trialach."
Back
to top of page
|