|
Tory Island painter James Dixon at the Irish Museum of Modern Art
Báidín Ealaíne d'imigh go Toraigh
Beirt iascaire, beirt phéintéir--is suntasach na cosúlachtaí idir saothar James Dixon ó Oileán Thoraí agus Alfred Wallis ó St. Ives Chorn na Breataine.
"Cuireann sé olc ceart orm an chaint chaca sin ar fad faoi phéintéirí Thoraí" arsa mo chara, é ag baint gailleoige as an bhflaigín cider. "Tá sé chomh friggin' patronising - Nach iontach an dream iad a deir siad! - ní amháin go bhfuil siad in ann maireachtáil ar charraig lom amuigh sa bhfarraige, ach tá siad in ann péinteáil chomh maith!"
Go mall san óiche a tharla an comhrá sin, timpeall cúig bliana déag ó shin. Bhí an oíche caite agam fhéin is mo leathbhádóir i gClub an Chonartha ag caitheamh siar na bpiontaí. Anois, is muid ag tabhairt faoin take-away i m'árasán aon seomra (seomra suí leapan a thugadh Cathal Ó Searcaigh ar an gcineál sin lóistín fadó) bhí saol cultúrtha na tíre á chur trí chéile againn. Bhí péintéirí Thoraí tarraingthe anuas agam fhéin mar go raibh seó dá gcuid ar siúl in Áras Bhord na Gaeilge ag an am. Bhí an focal "primitíveach" á lua leo agus bhí an ceart ag mo chara--bhí ábhar den déanamh uasal le híseal i gceist ag Gaeil mheasúla na hardchathrach leis na fir fhiáine seo ón IarThuaisceart.
Más buan mo chuimhne, taispeántas d'obair úr ó Thoraigh a bhí i gceist leis an seó sin i mBord na Gaeilge, rud a d'fhág nach raibh saothar James Dixon san áireamh ann. Bhí sé caillte breis agus trí bliana déag faoin tráth sin. Ach seachas éinne de phéintéirí Thoraí tá a shaothar tar éis triail an ama a shásamh is a sheasamh. Tallann ar leith a bhí ann agus bealach ar leith a bhí aige len é fhéin a chur in iúl mar phéintéir.
Anois in Áras Nua-Ealaíne Éireann tá aitheantas tugtha do shaothar Dixon, nach bhféadfadh sé a shamhlú lena bheo. Is ann atá mórthaispeántas dá chuid pictiúr le feiceáil, iad gualainn ar ghualainn le déantús péintéara a bhfuil cuid mhór cosúlachtaí idir a chúlra seisean agus cúlra Dixon. Ó Chorn na Breataine d'Alfred Wallis, iascaire, fear a chuaigh le péintéireacht i ndeireadh a shaoil. Sna triochaidí ba ghníomhaí a bhí sé agus is i 1942 a cailleadh é.
Saol na farraige mar a chonacthas do na hiascairí seo an t-ábhar is mó i gceist acu araon. Ach ní gá go mbeadh na radharcanna a léirigh siad feicthe lena súile cinn--tá pictiúr anseo le Dixon de bháitheadh an Titanic, den Gypsy Moth sa domhan theas, den Britannia ag filleadh ó laethanta saoire na Banríona Sasanaí. Tá cultúr agus creideamh Thoraí i gceist chomh maith--An tAingeal Gabriel (é feistithe amach go slachtmhar i léine straidhpeach a thaitneodh thar cioon le Seán Scully), íomhá den chéad tarracóir a tháinig chun an oileáin, portráid d'Ellie Ward an bhean ba sine ar an oileán i 1962.
Ach siad na radharcanna den oileán fhéin is deise liom. Ag breathnú ar na pictiúir a rinne sé de Bhaile Thiar an oileáin, den chaoi go lúbann an cladach thart i leathchiorcal is go luíonn na tithe sa mhullach ar a chéile, cuimhním ar mo laethanta sa choláiste oiliúna i nDroim Connrach. Bhí léachtóir ealaíne a rinne míníu álainn lá ar thuiscint an pháiste ar an líníocht is an phéínteáil. "A child's picture is not meant to be like a photograph" a dúirt sé go paiseanta" A child's picture is meant to be a map"
B'shin go díreach an cur chuige a bhí ag Dixon. Níor bhac sé riamh le máistreacht a fháil ar chúrsaí peirspictíochta, ar an bpointe draíochta i lár an phictiúr a bhfuil gach eilimint eile ag gluaiseacht ina threo. Mapaí a tharraing sé, mapaí a bhí lán de mhioneolas, a raibh dathanna agus mionsonraí agus pearsantacht ag sileadh uathu. Sampla maith é "West End Village, Tory" an pictiúr a roghnaiódh le clúdach leabhair Declan Kiberd "Inventing Ireland" a mhaisiú. Agus mura raibh do shá eolais sa mhapa, bhí faisean ag Dixon paiste den chanbhás nó den chlár a fhágáil gan phéinteáil, le go scríobhfadh sé isteach míniú beag ar údar an phíosa--"Mr. William Rogers Plowing in Dixon Farm Tory Island" mar shampla.
Is suntasach an chosúlacht atá idir cuid de na píosaí agus saotharTony O'Malley. Tá sin spéisiúil mar gur bhain O'Malley ar feadh na mblianta le scoil phéintéireachta St. Ives i gCorn na Breataine, dream ealaíontóirí a raibh eolas maith acu ar stair na healaíne ach go raibh tionchar ag saothar primitíveach Alfred Wallis ar a gcur chuige.
Ba ghaire stíl Wallis don léaráid ná don ionramháil péintéara a dhéanadh Dixon. Cúrsaí báid ba chás leis chomh maith agus bhí spéis ar leith aige chomh maith i gCuan St. Ives, chomh maith le radharcanna den bhaile ón bhfarraige. Arís ba bheag a bheann ar theicníc na peirspictíochta--mapaí dá shaol is dá thaithí a d'fhéach sé le soláthar.
Sé an sainmhíniú atá ar phéintéir "primitíveach" ná duine a shaothraíonn leis gan aon eolas a bheith aige ar stair na healaíne is gan aon tuiscint ná suim a bheith aige ar an ngaol atá ag a shaothar fhéin leis an stair sin. Dúisíonn an seó seo cuid mhór ceisteanna spéisiúla faoi chúrsaí aeisteitice, faoi aidhm na healaíne, faoin ngaol atá ag saothar ealaíne leis an bpobal as a dtagann sé. Dá spéisiúla iad na cruacheisteanna seo, mholfainn go láidir d'éinne cuairt a thabhairt ar an seó seo, ar mhaithe leis an taitneamh agus an pléisiúr a bhainfeas siad as na pictiúir seo iad fhéín.
Back
to top of page
|