|
A bit of sensible organisational skills for once -- those behind Féile 2000
Féile 2000--cé mhéad míle Gael a bhéas i láthair?
An chéad cheist a cuireadh ar lucht eagraithe Féile 2000 ná "ná habair go mbeidh sibh ag cleaiseáil leis an Oireachtas". Ó tharla an fhéile sheanbhunaithe Gaeilge a bheith ciorraithe anois ina hocáid deireadh seachtaine, bhí glacadh leis gur ag deireadh seachtaine fada na saoire bainc faoi Shamhain a reachtáilfí í.
Ach nach ní mar sin a bhéas--is i gcaitheamh na deireadh seachtaine deiridh de mhí Mheán an Fhómhair a mbeidh lucht na n-amhrán ag tarraingt ar Dhún Gharbháin. Thiar i gcathair na dtreabh sin a reachtáilfear Féile 2000 ón 19ú Deireadh Fómhair go dti an Luan an 25ú lá na saoire bainc.
Céard atá i gceist mar sin ag an bhFéile 2000 seo? Bhuel ón méid atá cloiste go dtí seo agam is cosúil gur féile leathan ealaíne atá i gceist, féile a bhfuil an Ghaeilge fhéin ina croílár. Sé an plean atá ann ná iarracht a dhéanamh oiread cainteoirí Gaeilge ar féidir a tharraingt go Gaillimh don deireadh seachtaine le go mbeadh slua "breithiúnach" i láthair le freastal ar na himeachtaí. Spéisiúil go leor, is ag díriú go príomha ar an gcainteoir líofa atá siad, seachas a bheith ag iarraidh an foghlaimeoir a shásamh agus an Gaeilgeoir muiníneach a chur ó dhoras. An n-aimseofar pobal úr nach mbacfadh leis an Oireachtas? Nó an mbeidh oiread pócaí folmha agus cloigne tinne i ndiaidh féile seo na Gaillimhe go mbeidh an freastal ar an Oireachtas níos "neamhbhreithiúnaí" ná mar a bhíonn go hiondúil?
Murab ionann agus an tOireachtas, arb é crann taca an tsean-nóis é, is ag díriú ar an nuachumadóireacht a bhéas Féile 2000. Tá béim láidir ar an drámaíocht sa chlár, ní nach ionadh nuair a chuimhníonn tú gurb é riarthóir Amharclann Halla an Bhaile Mike Diskin príomheagraí na féile. Banríon Álainn Líonáin, (dráma a leagtar ar Mhicheál Ó Conghaile sa phreasráiteas is deireannaí ó lucht na féile) an phríomh-imeacht amharclainne. Aistriúchán atá anseo ar ndóigh ar hit mhór Martin MacDonagh, an gaiscíoch óg de bhunadh na n-oileán a togadh i Londain.
Tá siad ann a déarfadh gur beag fiúntais a bhaineann le bheith ag aistriú drámaí ó Bhéarla is a bheith ag maíomh astu már dhrámaí Gaeilge. Ach eisceacht é an cás seo sílim--i ndrochBhéarla fileata Chonamara a cumadh an Beauty Queen an chéad lá riamh. Is léir togha an drochBhéarla a bheith ag MacDonagh agus beidh sé spéisiúil féachaint cén ionramháil a dhéanfas Micheál Ó Conghaile (fear ón gceantar céanna le muintir an drámadóra) agus é á thiontú ar ais isteach sa Ghaeilge.
Ní ó Éirinn amháin a bhéas an drámaíocht ag teacht--tá seó on mBreatain Bheag san áireamh, seó a mbeidh aistriúchán comhuainneach ar fáil dó. Ní mé ar dearnadh é seo riamh cheana--arís is maith liom gur go Gaeilge atá an t-aistriú á dhéanamh. Is aisteach nach bhfuil mórán ceangal cultúrtha ar bith idir na Gaeil agus na Breathnaigh bheaga. An meallfaidh an iarracht seo slua? Is críonna an té a déarfadh.
An tríú dráma a bhéas le feiceáil ná leagan úr Tom McIntyre de Cúirt an Mheánoíche. Amharclann na Mainistreach atá á léiriú seo agus is ag Féile 2000 a fheicfear an léiriú den chéad uair.
Ó thaobh an cheoil, tá Micheál Ó Súilleabháin cheana fhéin ar a mhíle dícheall ag cumadh píosa a dhéanfas ceangal idir buneilimintí an traidisiúin agus a stíl chomhaimseartha cumadóireachta. Ní fhágfar an dearcealaín ar lár ach oiread -reachtáilfear taispeántas grúpa ealaíne a mbeidh an teanga mar théama aige.
Pé cuma a bhéas ar an bhféile sa deireadh, is léir gairmiúlacht a bheith ag baint go dtí seo ar chuma ar bith leis an eagrúchán. Tá daoine ar nós mé fhéin á gcoinneáil ar an eolas go leanúnach cheana féin faoin bhforbairt atá ag teacht ar an gclár. Tá cruinniú lorgaithe ag lucht na féíle liom cheana fhéin le féidireachtaí poiblíochta a phlé. Ní le mórchúis a deirim an méid sin ach le tabhairt le fios gur cur chuige úrnua é seo ó thaobh féile ghaelach de. Is léir go dtuigeann lucht eagrúcháin Féíle 2000 cé mar a oibríonn na meáin agus is iad atá dírithe ar dul i bhfeidhm ar an bpobal trí na meáin chéanna. Tús maith··
Back
to top of page
|