ailt
reatha
cartlann
ailt
ealaín trí ghaeilge
foinsí
foclóra
deontais
nascanna
|
Péintéir paiseanta na Páise Ar do bhealach isteach ón mbóthar, seasann an teach romhat go maorga ? seanfhoirgneamh trí stór a tógadh thart ar 1820. Teach ministéara a bhí ann ar feadh i bhfad ach anois, fear eile a bhfuil saothrú dá chineál fhéin déanta aige i ngarraí na Críostaíochta atá ag cur faoi ann. Is anseo i measc cnoic thorthúla Chill Chainnigh atá cónaí ar an bpéintéir Hughie O'Donoghue le trí bliana anuas. Ceann de na saothair is cáiliúla dá chuid go dtí seo ná an ollshraith Via Crucis, deich mbliana de phictiúir bunaithe ar théama mór na Páise.
Is beag aithne in Éirinn go fóill ar shaothar an fhir seo a tógadh i Manchain Shasana de bhunadh Éireannach. B'as Beannchar Iorrais i dtuaisceart Mhaigh Eo do mháthair Hughie. I Manchain a rugadh a athair, Danny O'Donoghue ach is ar altramas lena sheantuimitheoirí i gCiarraí Thuaidh a chaith seisean furmhór laethanta a óige.
Tá cuimhne ag O'Donoghue ar na paidreacha Gaeilge a mhúineadh a mháthair dó is ina leaidín beag, ar an mbacstaí a thugadh sí dóibh mar lón scoile, is an chaoi go gcuireadh sé i bhfolach é ar fhaitíos go mbéadh a chuid comhscoláirí ag spochadh as dá bharr.
Fear mór cuimhní é Hughie, cuimhní a roinneann sé leat i nglór séimh, smaointeach. Tá baint mhór ag an seó mór dá chuid a d'oscail an tseachtain seo in Áras Nua-Ealaíne Éireann le cúrsaí cuimhne agus cúrsaí staire, bíodh sin ina stair phoiblí nó ina stair phearsanta. Murab ionann is go leor dearcealaíontóirí, tá cumas ar leith scríbhneoireachta ag an bhfear seo. Sa chatalóg a ghabhann leis an taispeántas, tá aiste bhríomhar, chroíuíl scríofa aige faoina chúlra Maigh Eoch, faoi laethanta samhraidh a óige in Iorras, faoin gcaoi ar tháinig tuiscint chuige maidir le dath agus solas ó bheith ag fánaíocht thart ar phoill phortaigh agus srutháin an cheantair sin.
Ina dhiaidh sin scríobhann sé faoina laethanta mar mhac léinn ealaíne i gColáiste Goldsmith i Londain, an institiúid choincheapúil úd a thug dúinn fear picileála na gcaorach, Damien Hirst. An fáidh a bhí ann ag an am (ia atá ann fós, seans) i measc lucht an choláiste ná Marcel Duchamp, athair na coincheapúlachta. B'eisean an duine a chuir saol na healaíne de ráillí na péintéireachta i 1920, nuair a chum sé coincheap an tsaothair réamhdhéanta ? sé sin, go raibh cead ag ealaíontóir aon chineál rud nó ábhar a roghnú is é a chur ar thaispeáint mar shaothar ealaíne. Pota múin an chéad tsaothar dá chineál a chum Duchamp, ábhar a shínigh sé leis an ainm bréagach R.Mutt.
Sa rannóg dheiridh in aiste catalóige O'Donoghue, dar teideal "A Dream", casann Marcel Duchamp ar athair mór an ealaíontora, Anthony Carey, oíche stoirme ar phóirse portaigh in Iorras. Tá Anthony ag iarraidh bó a tharraingt amach as poll. Tá Duchamp ag iarraidh a mhíniú dó gur saothar réamhdhéanta atá sa bhó chéanna. "Féach an síniú" a deir sé. Murach go raibh Anthony gan léamh ná scríobh, bheadh sé in ann an síniú "R. Mutt" a léamh ar dhroim na bó.
Ó tháinig O'Donoghue chun cónaí in Éirinn i 1995, tá sé dirithe ar shraith úr pictiúr, iad bunaithe ar litreacha a chuir a athair abhaile ón Iodáil is é ag saighdiúireacht ann le linn an darna chogaidh mhóir. Is léir gur óna athair a thug Hughie leis bua na scribhneoireachta ? bíodh is nár cumadh na litreacha seo d'éinne ach a bhean i Manchain, is álainn na píosaí próis iad. Is iontach mar a tharraing a mhac íomhánna as an méid a bhí ar fáil dó sna seanlitreacha seo. In ionad pictiúirí de shaighdiúirí ag cogaíocht a dhéanamh, tharraing sé ar a raibh feicthe ag a athair i gcaitheamh an chogaidh.
Ag pointe amháin, chuir an saighdiúir cárta poist abhaile go Manchain de dhealbh chlasaiceach nár aithin sé an pearsa a bhí léirithe ann. D'athain a mhac an íomhá na blianta ina dhiaidh ? Marsyus a bhí i gceist, an té a cheap an fheadóg mar uirlis sa mhiteaseolaíocht Ghréagach. Ba tráthúil mar a roghnaigh Danny O'Donoghue é mar chárta poist - ceoltóir feadóige a bhí ansiúd is bhí an uirlis tugtha leis chun an chogaidh aige.
Sa seanscéalaíocht, céile comhraic Apollo a bhí i Marsyus i gcomórtas ceoil. Apollo a thug leis an lá agus feannadh laoch na feadóige ina bheatha dá bharr. Tá an-chosúlacht idir corp céasta Mharsyus agus corp Chríost, móitíf a bhfuil deich mbliana caite ag O'Donoghue ag plé leis. Scaití, léirítear Feannadh Mharsyus is é crochta bun os cionn. Tá gaol ag an íomhá seo le cárta poist eile atá le feiceáil sa chatalóg ? Mussolini is a chuid comhbhádóirí, iad crochta bun os cionn i ndiaidh a mbáis i ndeireadh an chogaidh.
Téamaí móra atá á n-ionramháil ag an ealaíontóir seo, téamaí a ghin saothair mhóra, ina méid is ina gcroí. Tá idir phéinteáil agus líníocht, iad araon ar scála mór millteach le feiceáil sa seó agus beidh fáil air in Áras Nua-Ealaíne Éireann as seo go mí na Márta seo chugainn. Is annamh a déarfainn é, ach mholfainn d´éinne an chatalóg a cheannach, ní mar chuimhneachán ar an taispeántas amháin, ach mar shaothar suntasach ann fhéin. Murab ionann is an teanga dhúnárasach sin a dtugaimse Béarla na leabhar ealaíne air, tá scríbhneoireacht O'Donoghue chuile phioc chomh cumasach, daonna, taibhsiúil lena chuid pictiúr. Agus mar a d'abraíodh a shinsir Chiarraíocha fadó, ní beag san.
Back
to top of page
|
|