Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

Toru Kamiya at Temple Bar Gallery, plus a flying pig

An Péintéir Seapánach agus an Mhuc Eitilte

Is fiú siúlóid a dhéanamh faoin mbáisteach thart ar Bharra an Teampaill faoi láthair.

Is minic nach dtugann grianghraf poiblíochta fiúntas an ruda a léiríonn sé leis, go háirithe más píosa ealaíne atá i gceist. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás na péintéireachta. Braitheann éifeacht na foirme leis an ngaol a bhíonn ag dathanna le chéile ar an gcanbhás, leis an ionramháíl atá déanta le scuab nó scian ar an bpéint, lena thiubhe is a luíonn sí ar dhromchla an chanbháis. Is annamh go dtugann grianghraf leis an t-eolas seo go cruinn. Anuas ar sin, mura mbíonn próiséas priondála an ghrianghrafa cruinn, ní bheidh cur síos beacht ann ar cháilíocht an datha.

Bhuel má bhí grianghraf riamh a loic go tubaisteach ar an saothar ealaíne a léirigh sé, sé an léaráid a tháinig sa phost chugam an tseachtain seo ó Ghailearaí Bharra an Teampaill é. Seapánach darbh ainm dó Toru Kamiya an t-ealaíontóir atá thíos le rosc teoranta an cheamara agus beidh a shaothar le feiceáil ina steilleabheatha sa TBG go dtí an seachtú lá fichead den mhí seo.

Stiall fhada pictiúr a shíneann thart ar fhad ballaí thiar agus thuaidh an ghailearaí is túisce a fheicfeas tú nuair a shiúlann tú isteach. Is dócha go dtabharfá pictiúir theibí ar a bhfuil déanta ag Kamiya ach níl tada doiléir ná dothuigthe mar gheall ar an saothar seo. Cúrsaí datha is cás leis an bhfear seo, a rugadh in Aichi na Seapáine sa bhliain 1969. An uair dheiridh gur leag mé súil ar a shaothar ná ag Taispeántas Céimithe NCAD cúpla bliain ó shin, tráth go raibh tréimhse iarchéime curtha isteach aige sa Choláiste Náisiúnta anseo i mBaile Átha Cliath ar scoláireacht ó rialtas na tíre seo.

Tá sé ag saothrú leis ina thír dhúchais ó shin agus is le gairid a cruthaíodh na pictiúir úra seo, le linn dó seal a chaitheamh mar ealaíontóir cónaithe i mBarra an Teampaill. Íomhánna beaga iad, pictiúir a léiríonn an gaol atá ag dathanna áirithe lena chéile, an chaoi go leánn dathanna isteach ina chéile. Tá máistreacht iontach ag Toru ar chursaí datha agus tá áilleacht fhineálta ar leith le braithstint sna na pictiúir seo. Is dócha gur cineál cliché atmasféar suaimhneach zen a lua le healaíontóir Seapánach ach sin cur síos amháin a rith go láidir liom is mé ar chuairt chuig an seó.

I gcúl an tí tá an t-ollmhargadh beag ealaíne sin a dtugtar multiples air i mbun gnó. Sé an Gearmánach Beuys athair na multiples--píosa nó coincheap ealaíne a ndéanadh sé cóipeanna díobh is iad a dhíol ar phraghas leathréasunach. Seo an cur chuige atá taobh thiar de multiples Bharra an Teampaill. Tugtar cuireadh d'ealaíontóirí píosaí a chruthú ina n-eagrán idir deich agus céad cóip agus díoltar na píosaí ina gceann is ina gceann thar an gcuntar nó tríd an bpost.

I measc na bpíosaí is fearr atá le feiceáil ann faoi láthair tá saothar le Kathy Prendergast dar teideal Bathroom Occurance (sic). Séard tá anseo ná scuab fiacal, ach in ionad na coilg phlaisteacha a gcuimlíonn tú do dhrad leo tá ribí gruaige daonna le feiceáil. Tá na scuaibíní spéisiúla seo le fáil, iad neadaithe go sócúil i mboiscíní peirspeics (atá sínithe ag an ealaíontóir) ar £270 an ceann. Céard a dhéanfá léi nuair a thabharfá abhaile í? An bhfuil cúis ealaíne le ceann d'fhocla an teidil a bheith litrithe mícheart? Siad seo na cineálacha ceiste a thagann idir mé agus codladh na hoíche·

Bealach i bhfad ní ba fiúntaí le do chuid airgid a chaitheamh uait dar liom ná sciúird a thabhairt an cúpla céad slat ó Ghailearaí Bharra an Teampaill siar go Chearnóg Theach na gCruinnithe. Is ann atá an píosa is deireannaí dealbhóireachta ó Laurent Mellet, duine de na daoine a thug dúinn an carn tarracóirí Massey Ferguson anuraidh. Muicín airgid mór millteach atá déanta anois aige, muc a bhfuil bua na heitilte aici le cois agus cúis an-fhiúntach luaite lena teacht go Barra an Teampaill. Cuid í an mhuc d'imeacht míosa sa chearnóg. Déantar sraith íomhánna a theilgean ar scáileán ann san oíche, píosaí atá cruthaithe ag ealaíontóirí aitheanta agus grúpa áitiúil daltaí scoile araon.

Baineann na híomhánna seo le huafáis Kosovo agus tá an mhuc ann le hairgead a bhailiú do theifigh na háite sin. Is breá an píosa dealbhóireachta ann fhéin an mhuc agus taitneoidh sé go háirithe le páistí is dóigh liom. Cuireann scéalta ar nós tubaiste Kosovo isteach go mór ar pháistí agus plean é seo a thabharfas an sásamh dóibh, trí roinntín airgid a chur isteach sa mhuc, rud éigin dearfach a dhéanamh ar son a gcomhaoisigh sna campaí teifigh i gcéin agus i gcóngar. Beidh an Mhuc Eitilte i mbun bailiúcháin i mBarra an Teampaill as seo go deireadh mí Lúnasa.

Back to top of page

Art-college life: two new Circa surveys




Discounted Circa subscription rates



Please notify me about Circa-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

 
Sponsors (see Circa 'Friends'):
Major Supporters:   Partners:

  


art ireland irish
© Copyright 1999-2008
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com
  Our principal funders: