ailt
reatha
cartlann
ailt
ealaín trí ghaeilge
foinsí
foclóra
deontais
nascanna
|
Gordon Lambert, a man with a generous, democratic approach to collecting art
Gradam ar leith d'fhear na mBrioscaí
Maidin fhuar i ndúluachar na bliana a bhí inti. Bhí mé ar cuairt chuig Gailearaí an Kerlin i mBaile Átha Cliath. Fhad 's a bhí mé ann, tháinig fear isteach, fear ar léir aithne mhaith a bheith aige ar mhuintir an ghailearaí. D'aithin mé an cuairteoir--Gordon Lambert, bailitheoir ealaíne a raibh breis is dhá scór bliain caite faoin tráth sin aige ag tabhairt cuairt ar ghailearaithe ar fud na cruinne, ag cur aithne ar lucht gailearaí agus ar ealaíontóirí. Ach má bhí, ba léir an mhaidin sin an grá (sea sin an focal cruinn) a bhí aige don saol sin ar fad. Labhair sé faoin seó mór iarbhreathnaitheach de chuid Basil Blackshaw a bhí ar siúl ag an am i mBéal Feirste. Bhí sé tar éis dul suas ann ar an traein an lá roimhe sin. "I had to go and see the show" a dúirt sé "I'm a big fan of Blackshaw's".
Agus sin bun agus barr an scéil maidir leis an tacaíocht fhial, leanúnach atá tugtha ag Gordon Lambert don dearcealaín sa tír seo ó lár na gcaogaidí i leith. Bíodh is go mba fear cumhachtach é i saol an ghnó is é i mbun comhlacht mór na mbrioscaí, Jacobs, agus bíodh is go raibh d'acmhainní airgid aige "cairdeas" aon ealaíontóra a cheannach, ní ag déanamh uasal le híseal an bealach a bhí ag Lambert riamh. Fan de chuid na dearcealaíne a bhí ann. Cheannaigh sé ealaín le tacú le healaíontóirí go cinnte agus le tacú lena gcuid gailearaithe, ach cheannaigh sé saothar ar an gcéad dul síos mar gur thug a shúil aire is a chroí taitneamh don phíosa.
Bhí sé thar am mar sin gur tháinig an pobal ealaíne sin a bhfuil Lambert ina chrann taca aige le chéile an tseachtain seo a caitheadh le honóir ar leith a bhronnadh air--spásanna taispeántais an Sciatháin Thiar in Áras Nua-Ealaíne Éireann a thiomnú do is a bhaisteadh ina dhiaidh.
Aitheantas é seo don bhfear arb é a bhailiúchán pearsanta fhéin ceann de bhunchlocha na hinstitiúide. Tógadh an cinneadh i 1990 an tÁras a bhunú mar go raibh an gealltanas ann go mbronnfadh Gordon Lambert a bhailiuchán pearsanta air. Agus bí ag caint ar bhailiúchán - trí chéad píosa san iomlán, saothair thábhachtacha ó Mheiriceá Thuaidh agus Theas, ón mBreatain, ón Eoraip agus ar ndóigh ó Éirinn fhéin. Ó shin i leith tá Fondúireacht bunaithe aige a cheannaíonn ealaín go féiltiúil is a chuireann ar fáil í don Stát.
Bhí an meon flaithiúil, daonlathach seo ag baint le Gordon Lambert riamh anall. Fear é a raibh fís ag baint leis, fear a d'fhéach lena chumhacht agus lena chumas mar fhear rathúil gnó a úsáid ar mhaithe le saol cultúrtha a thíre. Fear é chomh maith a raibh tuiscint íogair, chruinn aige ar a raibh á cheannach aige dá bhailiúchán. Murab ionann agus go leor san earnáíl chorparáideach, ní i muinín comhairleoirí a bhí sé is é ag tarraingt an tseicleabhair amach as a phóca. Is minic go gceannaíodh sé saothair dhúshlánancha, saothair nárbh iad na píosaí ba mhaisiúla dá raibh ar fáil ag an am iad. De bharr go raibh a fhios ag na healaíontóirí go raibh ar a laghad fear amháín amuigh ansin san earnáil phríobháideach a thuig a raibh ar siúl acu, spreagadh iad le dul sa bhfiontar, le léimeanna móra samhlaíochta a thogáíl, seachas a bheith ag faire de leathshúil ar an margadh agus a bheith ag iarraidh an ceannaitheoir coimeádach a shásamh.
In agallamh a thug sé naoi mbliana ó shin, tráth ar bronnadh a bhailiúchán ar an Stát, fiafraíodh do Gordon Lambert cén chomhairle a chuirfeadh sé ar dhaoine a bheadh ag cuimhniú ar ealaín a cheannach. Thug sé freagra gonta ionraic uaidh. "Ná bac riamh le healaín den darna grád " a dúirt sé. "Mura bhfuil tú in acmhainn saothar den chéad scoth a cheannach, ceannaigh macasamhail de shaothar maith".
Ba tráthúil gur os comhair máistirshaothar Barrie Cooke Megaceros Hibernicus, (Eilc Mhór na hÉireann) a bhí Gordon Lambert suite an tseachtain seo a caitheadh is an tAire i mbun óráide. Ach an oiread leis an eilc, ní bheidh a leithéid arís ann.
Back
to top of page
|
|