Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

Liam Ó Móráin looks at the Cork Art Trail and the work of Suzy O'Mullane, before putting in a word for the Oireachtas festival.

Slí Ealaíne Chorcaí / Suzy O'Mullane ag dul ó neart go neart

Suzy O'Mullane: Latin girl, 48 x 24"

Tá bráithreachas láidir ealaíne ann sa Deisceart. I gCorcaigh tá borradh mhór taréis teacht ar shaol ealaíne na cathrach agus an chontae le roinnt mhaith bliana anuas. Mar léiriú ar an mborradh seo tá ealaíontóirí taréis roinnt fiontar a chur i gcrích, idir eagraíocht a bhunú chun áiseanna cuí agus oiriúnach, áiseanna mar stiúideonna, seomraí taispeátais, agus modhanna bolcsaireachta is poiblíochta a chur ar fáil. Tugtar "Backwater Artists Group and Cork Printmakers" ar an eagraíocht is suntasaí agus is mó oibre. Beidh níos mó faoin dream seo in alt eile amach anseo! Gach blian anois le sé mblian anuas tionóltar imeacht mhór ealaíne don phobal sa deisceart, faoi stiúr an ghrúpa thuas, a dtugtar "Slí Ealaíne Chorcaí" air, agus dar le duine de bhunaitheoirí an fhiontair tábhachtach seo, an t-ealaíontóir, Suzy O' Mullane, tá tábhacht ar leith ag baint leis.

"Is fuinneog ar an raon agus ar an rogha d'ábhar ealaíne an tSlí seo agus cuireann na healaíontóirí a gcuid saothair ar thaispeáint ar fud na cathrach le linn tréimhse deich lae ina iomláine. Tá ealaíontóirí ag fáil agus ag tarraint neart aitheantas chuchu féin agus tá an pobal i gcoitianta ag ceannach líon níos mó saothair ealaíne. Seo an tábhacht a bhaineann leis. Meas agus aitheantas ón bpobal", dúirt Suzy linn. Bhuail mé le Suzy ag Taispeántas Ealaíne agus Gairme a bhí eagraithe ag bunmhúinteoirí Scoil Muire, atá ag ceiliúradh caoga blian a bhunuithe mar scoil táille do chailíní i gCorcaigh. Tá feachtas tosuithe ag Cairde Scoil Mhuire chun Û2m a bhailiú mar chúnamh airgid d'infheistíocht chun trí chinn de shean-fhoirgnimh na scoile a athmhaisiú agus chun áiseanna nua a thógáil amach anseo. Is iar-scoláire í Suzy, agus chuir sí roinnt dá saothar ealaíne ar thaispeáint ag an dtaispeántas áirithe seo.

Tá Suzy OÕMullane díreach taréis sraith taispeátais ealaíne faoin dteideal "Anatomy of Discomfort" a léiriú ar fud na tíre, agus chríochnaigh an taispeántas seo in áras Shiamsa Tíre i dTrá Lí le déanaí. "Bhí áthas orm leis an suim a nochtadh i mo saothair. Is breá liom go dtaithníonn an stíl ar leith atá agam le daoine. Taréis don fhiontar seo, Slí an Ealaíne, a bheith réidh i gceann seachtaine, beidh mé ag díriú ar mo chéad taispeántas eile a bheidh ann i gceann bliana i nGailire Blue Leaf i mBaile átha Cliath roimh dheireadh na bliana seo chugainn. Níl tosaithe agam fós ar na saothair don taispeántas sin go fóill", dúirt sí.

Deir sí gur tábhachtach é go mbeadh nasc siceolaíochta, tuiscint pearsanta agus meas modh oibre láidir ann idir an ealaíontóir agus an té a suíonn di. "Agus tá an t-ádh dearg ormsa, toisc gur mar sin is atá sé le beirt ban a suíonn dom. Ba mhinic dom go suíodh m'iníon, Róisín, dom. Uaireanta eile suíonn bean ón Airgintín, Paula, dom. Is bean í seo atá seasca blian d'aois, agus gan fadhb ar bith aici caraictéar ar leith a ghlacadh uirthi féin chun cabhrú liom íomhá nó pictiúr nó radharc faoi leith atá i mo cheann a léiriú. Gan iad, agus gan an tuiscint, an nasc agus an meas san eatarthuinn, ní dócha go bhféadfainn an léiriú suntasach a éiríonn liom a fháil i mo chuid saothair de dhaoine aonaraigh a chur in iúl chomh láidir sin," dúirt sí. ÒNuair atá duine ina shuí os do chomhair mar ábhar agat agus tú ag diriú ar an gcolainn a léiriú i stil ealaíne ar leith, tá an obar seo casta go maith. Taithníonn an dlús liom agus éiríonn liom sa saothar seo trí mhódh bratanna phéint a leagadh ar a chéileÓ, dúirt sí. Tá aithne agus cáil aimsithe ag Suzy O Mullane ón stíl áirithe seo.

Suzy O'Mullane: Louise II, 140 x 100 cm.

An tOireachtas: Mar fhocail scoir agam sa ché;ad alt seo d'iarr Liam ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge orm fógra beag a fhoilsiú faoi Thaispeántas Ealaíne Oireachtas na Gaeilge 2002. Níor mhiste go mbeadh ábhair iontrála istigh don mholtóireacht roimh lár mí Feabhra, agus go mbeidh an Taiseántas féin ann i lár mí Márta i mBaile átha Cliath. Foilseofar na láthair agus na dátai cuí roimh i bhfad. 'Sí an ghaoth téama na bliana seo agus tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, BAC 2, teileafón 01 4753857, nó ó oireacht@indigo.ie. Bronnann an tOireachtas duaiseanna airgid ar roinnt ealaíontóirí éagsúla ag an dTaispeántas, agus díoltar roinnt mhaith de na saothair le linn an Taispeántais. Déannann an tOireachtas bolscaireacht forleathan sna meáin náisiúnta agus i mBaile átha Cliath le altanna nuachta agus faisnéise agus fógraíocht teilifíse is raidio chun daoine a mhealladh.

Liam Ó Móráin

Back to top of page


Join us 15 October for the Launch of Marks



Art-college life: two new Circa surveys



Discounted Circa subscription rates



Please notify me about CIRCA-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

On sale now: Space: Architecture for Art, CIRCA's 272-page publication on the theory and practice of art spaces; incorporates an extensive directory of art spaces throughout Ireland. Click here for more information. Space cover


art ireland irish art
© Copyright 1999-2007
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com