Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

A general leaning towards drawing, including Alice Maher at the Hugh Lane

An tsnaidhm i gceartlár na híomhá

Nuair a bhí an Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha ag déanamh comórtha ar dhá chéad caoga bliain de stair na hinstitiúide thiar sa bhliain 1996, cinneadh ar thaispeántas líníochta mar mhórócáid cheiliúrtha. Bhain sé sin siar as go leor sa saol ealaíne. Ach bhí a chuid cúiseanna fhéin ag Stiúrthóir an Choláiste, Noel Sheridan leis an líníocht a roghnú mar mheán. Cúiseanna stairiúla, cinnte--ar feadh an chéad dhá chéad bliain de shaol an choláiste, bhí an líníocht ina cloch mhór ar pháidrín na scoláirí is na hollúna araon ann. Ach chomh maith leis sin, b'fhacthas do Sheridan go raibh rud éigin ag tarlú sa saol idirnáisiúnta ealaíne - "drawing is hot".

Le tamall anuas, tá an claonadh sin le tabhairt faoi deara ina bhfuil de sheónna feicthe againn le tamall anuas--ag díriú ar an líníocht cuid mhaith agus ar scála mór millteach a bhí Hughie O'Donoghue sa taispeántas cumasach aige Corp i dtús na bliana seo mar shampla. I nGailearaí na Cathrach i mBaile Átha Cliath faoi láthair, sa Hugh Lane mar is fearr aithne air, tá dhá sheó le feiceáíl a bhfuil an líníocht ina gcroílár. Saothar i gcomhar idir an dealbhóir, línitheoir Vivienne Roche agus an cumadóir nuacheol John Buckley é Tidal Erotics, taispeántas a mbeidh mé ag breathnú go grinn air lá níos faide anonn. Ach thíos staighre, sa chuid sin den bhfoirgneamh a mbíonn an bailiúchán buan le feiceáil go hiondúil ann, tá seó spéisiúil curtha i dtoll a chéile ag Alice Maher dar teideal "Knot".

Ealaíontóir í Maher a raibh an líníocht i gceist aici riamh, ní mar réamhobair dá cuid péintéireachta, ach mar bhunmhéan saothraithe ann fhéin. Ceithre phíosa mhóra dá cuid a chastar ort i dtosach an taispeántais, is an teideal Coma Berenices orthu. Líníochtaí ollmhóra gualaigh iad, ceithre leagan éagsúla d'fholt gruaige, é snaidhmthe anonn 's anall ann fhéin.

Tá móitíf na gruaige ina híomhá leanúnach in ealaín Alice Maher le píosa fada. Cúpla bliain ó shin, thug mé cuairt ar a stiúideó in IMMA áit a raibh sí i mbun seisiún cónaithe. An tEarrach roimhe sin arís, ghlac sí pairt i gclár teilifíse a raibh plé agam leis a chuir síos ar imeachtaí an Imaginaire Irlandais i bPáras. Bhí mothall breá gruaige uirthi an uair sin, ach sular fhág sí an Fhrainc an samhradh sin, chinn sí ar í a ghearradh anuas. Anois agus gruaig an-ghearr uirthi, bhí sí ag taispeáint cupla píosa úr dom--figiúirí ban, iad feicthe ón gcúl, agus cúl tiubh gualaigh go talamh orthu. "I thought all this hair business would end when I cut my own" a bhí aici de gháire "but it just won't go away!"

Seachas sraith Alice fhéin (chonacthas ceann de na híomhánna comhfhite seo le gairid ar chlúdach an leabhair úir ó pheann Paul Durcan "Greetings to our friends in Brazil") is leis an naoú haois déag is mó a bhaineann an taispeántas. Píosaí iad seo ar chuid iad de bhailiúchán buan an Hugh Lane, ach is annamh go bhfeictear iad de bharr a leochailí is atá siad.. Píosaí staidéir iad a bhfurmhór, líníochtaí a rinneadh agus an t-ealaíontóir á réiteach fhéin le tabhairt faoi phortráid nó radharc tíre.

San aiste chumasach agus sna cuntaisí ar na pictiúir éagsúla, míníonn Maher na cúiseanna a bhí leis an roghnú a rinne sí ón mbailiúchán líníochtaí. Cuireann sí síos ar ar an tréimhse a chaith sí ag póirseáil thart ("snooping around" a thugann sí fhéin air) i measc na gcéadta saothair atá coinnithe i stóras an Ghailearaí, in airde sa lochta os cionn Chearnóg Pharnell, pictiúirí "who hadn't seen anyone for years". Saothair iad a bhain le healaíontóirí ar bheag a haithne ag Alice Maher orthu--cuid mhaith acu a raibh baint acu le huaisle an tsaoil AnglaEíreannaigh i dtús an chéid, cuid eile le haos ealaíne na Fraince sa naoú haois déag. Daoine gradamúla lena linn fhéin, ach ealaíontóirí nár thug breitheamh an ama an moladh ab airde dóibh.

Ag iarraidh theacht di ar théama nó ar shnáth nó ar théis eicínt a thabharfadh aontas don tseó, chinn Maher sa deireadh díriú ar na líníochtaí a sheas amach di fhéin mar líníochtaí, seachas píosaí a aimsiú ar chuid iad de ghluaiseacht nó de chlaonadh i stair na healaíne le céad bliain anuas. "The very best part of drawing is not when you're finished, nor just before you start, but when you are right in the middle, like the centre around which a knot is tied." Sin mar a bhraitheann sí fhéin an scéal agus sa taispeántas, d'fhéach sí le píosaí a aimsiú a raibh an splanc áirithe sin iontu.

Dá thaitneamhaí iad na píosaí seo a fheiceáil ar ais ar bhallaí an ghailearaí, b'fhéidir gurb é an ghné is fiúntái den taispeántas seo ná an chatalóg. Stíl réidh an chomhrá atá ag Maher tríd síos, ach tá téagar agus údarás le haireachtáil ar an eolas atá aici ar an ábhar. Ag cur síos ar phíosa le Charles Condor mar shampla deir sí "Condor's works seem to always fall short of competence, yet they wink at you out of the collection, like funny incidents". Ar leathanach eile cuireann sí síos ar an spéis a bhí ag Augustus John sa chosmhuintir mar ábhar, faoin am gur tháinig sé go hÉirinn is go Gaillimh ag líníocht. D'fhág sé an chuma ar mhuintir Chonamara sna pictiúir a bhí "more like extras in an operetta than they do real people"

Is maith liom an t-eolas teicníuil a roineann sí linn mar línitheoir í fhéin, an chaoi go ndíríonn sí aird ar mhionsonraí na n-íomhánnna, ar mhaithe le tuiscint bhreise ar an íomhá a sholáthar. Dearadh slachtmhar agus clúdach crua atá ar an gcatalóg agus is fiú go mór infheistiú ann is tú ag tabhairt cuairte ar an seó, ach teacht a bheith agat ar na foinsí maoinithe cuí, mar a dúirt fear an Údaráis.

Back to top of page


Marks - a new Circa / Stinging Fly collaborative publication

Survey of studio spaces in Dublin



Art-college survey: students/ lecturers/ tutors



Discounted Circa subscription rates



Please notify me about CIRCA-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

On sale now: Space: Architecture for Art, CIRCA's 272-page publication on the theory and practice of art spaces; incorporates an extensive directory of art spaces throughout Ireland. Click here for more information. Space cover


art ireland irish art
© Copyright 1999-2008
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com