ailt
reatha
cartlann
ailt
ealaín trí ghaeilge
foinsí
foclóra
deontais
nascanna
|
Perry Ogden and the background to his photographic exhibiton at the Hugh Lane Gallery, Dublin
Gasúir na gcapaillín is an grianghrafadóir
Tá an áit beo le gleo, lé heascainí ó ghlórtha géara cathrach is tuaithe, le mún agus cac na gcapall atá chuile áit thart. Agus grianghrafadóirí--Francaigh cuid mhaith acu, iad sa chathair don chluiche rugbaí, ach anois an mhaidin Domhnaigh seo is go Smithfield i lár seanbhaile Átha Cliath atá siad tagtha le blas a fháil de l'Irlande sauvage. Seo aonach míosúil na gcapall is na gcapaillíní, ócáid nach bhfuil séala corporáideach an tíogair Cheiltigh buailte anuas fós air.
Tríd an slua, tá fear ag bogadh, lámh a hiníne ina láimh fhéin. Fear sna triochaidí deireannacha é, a shúile gorma ag faire an tslua. Beannaíonn sé d'an-chuid daoine, idir óg agus aosta, lucht siúil is lucht seasta. Gluaiseann sé leis tríd an aonach chomh réidh céanna is atá gluaiste aige trí aonach idirnáisiúnta saol an fhaisin le scór blianta. Grianghrafadóir é an fear seo, ach murab ionann is fámairí na Fraince anseo ar maidin, ní haon chaitheamh aimsire aige an ceamara. Ó chuaigh sé leis an ngrianghrafadóireacht go gairmiúil i 1982, tá a chuid pictiúr foilsithe in Vogue na Fraince, na Rúise, na hIodáile i measc foilseachán go leor eile. A ainm--Perry Ogden.
Thosaigh an Sasanach séimh, dea-labhartha seo ag tarraingt ar aonach míosúil na gcapall i Smithfield breis is ceithre bliana ó shin. Níl Smithfield ach timpeall an choirnéil ó lárionad an ghnó idirnáisiúnta aige ar Shráid Capel. "Nuair a thug mé cuairt ar an aonach den chéad uair" a deir sé liom cupla lá ina dhiaidh "bhí sé ar nós teacht ar threibh gan aithne, treibh a bhí dearmadta ag an saol mór".
Is maith mar a chothaigh an fear uasal seo a fuair a chuid scolaíochta i gcoláiste na mboc mór Sasanach, Eton, is maith mar a chothaigh sé cairdeas le treibheanna chosmhuintir Bhaile Átha Cliath Thiar. Thosaigh sé ag tarraingt pictiúr ag an aonach fhéin i 1995, ach ní íomhánna turasóra a theastaigh uaidh. Portráidí foirmeálta a bhí i gceist aige, iad tarraingthe os comhair cúlra neodrach bán. Cén fáth cúlra bán a d'fhiafraigh mé de. "Seanteicníc é sin a úsáideadh chun taifeadadh a dhéanamh ar Indiaigh Mheiriceá sa naoú haois déag mar shampla. Theastaigh uaim na gasúir seo a bhaint amach as comhthéacs an aonaigh gona mún capaill agus salachar sráide le go dtiocfadh leis an gceamara díriú isteach orthu fhéin mar dhaoine ar bhonn níos treise".
As an obair sin a tháinig an chéad taispeántas grianghrafgadóireachta a reachtáladh riamh i Smithfield. Mary Robinson, Uachtarán na tíre mar a bhí, a d'oscail an seó. Fágadh na híomhánna ar crochadh thart ar bhallaí na cearnóige ar feadh trí mhí.
Anois tá na héadáin sin ag breathnú amach ó bhallaí Ghailearaí an Hugh Lane ar Chearnóg Pharnell faoin teideal "Pony Kids". Beidh na híomhánna ag dul níos faide fós i gcéin i bhfoirm leabhair, é foilsithe go maisiúil ag Jonathon Cape i Londain. "Nuair a labhair mé leis na gasúir maidir le theacht chuig oscailt an taispeántais bhí siad toilteanach teacht ach an cheist a bhi acu ná cá bhfuil an áit seo? Cén cineál áite atá ann? Thaitin an meon a bhí ag stiúrthóir an Hugh Lane, Barbara Dawson liom maidir le daoine a mhealladh isteach san áit nach rachadh thar tairseach gailearaí ealaíne riamh."
Is cinnte gur baineadh an aidhm sin amach oíche na hoscailte. Gualainn ar ghualainn le háilleagáin na cathrach, leithéidí Jean Butler, John Rocha, Paul Brady et al, bhí muintir Bhaile Bhláinséir agus muintir Chluain Dolcáin ag caitheamh siar an phórtair is an Coca Cola, iad ag baint ceoil as an ócáid. Bhí sé ina thintreach ag na ceamaraí thart ar Bono, an té a d'oscail an taispeántas is é ag déanamh a bhealaigh timpeall na seomraí. Os mo chomhair sa slua bhí seanbhean siúil ag bualadh bleid cainte ar Ali Hewson, bean na meigearéaltóige. "How many childer have you yourself?" a d'fhiafraigh an taistealaí. "Two" a deir Ali go gealgháireach "and him!"
Bhí fuadar ceart in éis a bheith faoi fhoireann Perry an lá go léir san oifig i Sráid Capel is iad á réiteach fhéin don oíche mhór. Mná beaga Meiriceánacha is mó a choinníonn eagar ar a shaol gnó is cosúil - bhí a ghníomhaire Carol agus a cúntóir sise, Rena,abhus ó Nua Eabhrac don ócáid. Thart ar na ballaí, meascán iontach íomhánna a bhain le hobair Perry--taobh lena chéile, gasúr ó Bhaile Bhlainséir lena chapaillín agus éadan Kate Moss. In ainneoin (nó de bharr b'fhéidir) oiread ama a bheith caite aige ag plé le saol na mainicíní is na mórdhearthóirí, tá dáimh iontach ag Ogden le saol réalaíoch, anróiteach a chuid Ponykids. Luann sé liom (gan aon scéal mór a dhéanamh faoi) go raibh sé amuigh i dTamhlacht ag láthair stada de chuid an lucht siúil an oíche roimhré, ag iarraidh cinntiú go mbeadh duine de na gasúir i láthair ag an oscailt.
Fiafraím de ar féidir leis an ngrianghrafadóireacht an saol a athrú. "Creidim gur féidir le rudaí athrú" a deir sé sa ghlór séimh údarásach sin atá aige "agus creidim gur féidir oibriú ar a shon".
Back
to top of page
|
|