Rachel Ní Chuinn looks here at mapping and art, in particular the mapping
of land and of the body. She draws on the works of Kathy Prendergast,
Alanna O'Kelly and Dorothy Cross, among others.
|
|
Kathy
Prendergast: image from Body Map series, 1983;
image is stored here.
|
Teorainn
agus stair i measc ealaíon na mban
I dtuaisceart
na hÉireann tá sé thar a bheith éasca
éifeacht sodhchaí scoilte a fheiscint ar na sráideanna
agus ar na ballaí, anseo sa deisceart léirítear
conair na plandáilithe imithe i mbealach níos teibi.
Bean ghorm phoiliticiúil is í Bell Hooks, an scríbhneoir
Meiriceánach ar chearta daonna. Dar léi go mbíonn
nasc dlúth ceangailte idir tír gafa agus an corp baineann,
sé a dúirt sí ina leabhar Yearning:
Sexuality
has always provided gendered metaphors for colonization. Free
countries equated with free men, domination with castration, the
loss of manhood, and rape, the terrorist act re-enacting the drama
of conquest, as men of the dominating group sexually violate the
bodies of women who are among the dominated. The intent of
this act was to continually remind dominated men of their loss of
power; rape was a gesture of symbolic castration.
Séard
atá i gcéist san alt seo na dearcadh a thabhairt ar
an smaoineamh go mbíonn plé ar stair cóilínithe
na hÉireann ceillte in obair ealaíontóirí
áirithe atá gafa leis an gcorp baineann.
In obair Kathy
Prendergast déantar an pointe seo go cumasach le stíl
tuiscineach. Tré léarscáiliú a
dhéanamh ar a cuid choirp féin, tarraingníonn
sí chun tosaigh na millte tuairimí ar theorainn, limistéirí,
foghail, trúailliú, rangniú, aicmniú
agus ainmniú.
Prendergasts
rationalist mapping and renaming of the females body is linking
a masculinist and colonial usage of maps and suggesting that Irish
women have been doubly colonized…Prendergasts body maps disturb
our belief in correspondences and reveal the very sinister underpinnings
of the false faith that by looking at a map one is not mastering
the physical world but only learning to manipulate another prosthetic
device developed by man to allay his fears of the unknown. These maps of the psychological interconnectedness of the activities
of exploration and map-making, the desire to scrutinize, inscribe,
and control the female body and the colonial control of other lands
through mapping and naming.
http://www.hws.edu/aca/depth/art/gallery/laughter/12o.html,
11 Iúil 2001
Mar aon le ceachtanna
na haoise seo, ní féidir leat léarscáil
a dhéanamh gan tú féin a chur sa phictiúir.
Sa taispeántais Shifting Ground in IMMA ag tús na bliana, bhí
tryptych físe ag Alannah OKelly le feiceáil.
Le beim láidir ar an dtalamh agus an nádúr,
ba léir go raibh ceangail cruthaithe aici idir fhoirm an
choirp agus línte na gcarraigeacha. Tuigimid ar fad
an bhaint thábhactach atá eadrainn féin agus
ár dtimpeallacht ach léiríonn scannán
mar The Field an tuairim go bhfuil gaol speisialta ag na
hÉirinnigh dár gcuid talún. Píosa
lúfar a bhí ann le híomhánna de chíocha
folaithe ag deatach ag teacht as na síni, dúch ag
snamh ar dhroim scríbhneoireachta fliuiche agus an fharraige
ag sileadh isteach is amach thar charraigeacha stairiúile
le tionlachan cantóra sean-nósaigh ar trí threagascóir.
Nuair atá náisiúin ag iarraidh a chuid phearsantachta
féin a athbhunú i ndiaidh chóilíneachta,
go minic dearctar siar chuig stair rómánsúil.
Mar thoradh ar an aisradharc seo cothaíodh sodhchaí
coimeadthach in ainneoin cách a bhí ag tárlú
ag an tráth chéanna ar fud na hEorpa agus i Meiriceá.
Ta tráchtáil sa phíosa seo ar na srianta a
chuirtí ar chollaíocht an phobail agus na mban ach
go háirithe, le linn an tréimhse cúlfheiscinte
in Éirinn.
Tá cáil
ar scríbhneoireacht agus ar bhéaloideas na hÉireann
maidir le aitheanntas idirnáisiúinta ach níl
an luach chéanna tugtha dealaíon físeach na
tíre. Bfhéidir go dtugann an easpa cáile
seo miniú dúinn ar an gcaoi go bhfuil mná chomh
láidir sna healaíonta nua faoi láthair.
De réir fealsúnaithe mar Derrida agus Foucault, ni
féidir an teanga a scarúint o na cumhachtai politiciúile
arbh as ar thainig siad. Bhí tradisiúin na litríochta
chomh láidir sin i rith pholasaíochta claonaigeanta
an stáit úir go bhfuil sé deacair briseadh
isteach sa mheán gan aird a thabhairt ar an dtaobh sin de
chultúr na nGael. Cothaíonn ealaíon físeach
spás níos oscailte do dhaoine nach mothaíonn
páirteach den aitheantas aon-toiseach a mhaothaíonn
an focal. Níl an méid chéanna 'bagáiste'
ag baint le fís, agus tá sé soiléir
go bhfuil mná ag baint na mbuntáistí as an tabula rasa seo.
D'úsáid
Dorothy Cross an tradisiúin litereatha i mbealach inniúil
in a h-obair Ghost Ship a bhí suite i gcuan Dún
Laoighaire. Is áit coitianta é clanna a fheiscint
ag siúil i ndiaidh an tae nó ar thráthnóna
suaimhneach ach níos minicí ar lá anfach.
Fad is a bhí an long lonaithe fad beag amach on gcé,
cloistí tuistí ag seanchaíodóireacht
leis na páistí. Bhí scéalta éagsúile
acu ag miniú an loing lonnraigh ghlais a bhí ag teacht
isteach agus amach as radharc mar thaibhse síodúil.
Sa bhealach seo thóg an t-ealaíontóir
oidhreacht fhoirmiúil agus thug sí ar ais don phobal
i bhfoirm daonna agus pearsanta gan tagairt a dhéanamh don
teanga nó do na téacs arbh fhuath le formhór
dhaoine ar scoil.
Déanann
Dorothy Cross an-trácht ar chultúr Mhuireann na tíre
chomh maith. Tá samhail Mhuire in Éirinn léirithe
mar bhean bhéasach chiúin, ní labhrann sí,
seasann sí go foighdeach le miongháire ar a cuid aghaidh.
I gcultúir eile, bíonn sí cantalach agus bríomhar
ach ní anseo. Is frithchaitheamh é seo ar conas
a samhailítear an bhean fhoirfe. Trí dhealbh
a chruthú i bhfoirm Mhuire ach a chludú le seithe
ainmhí, tá critique éirmiúil faoi lán
seol. Ní hí an mhaidghean an t-aon treoir atá
ag mná na hÉireann. Tá súgradh
ar siúil le corp na mban le síne an bhó ar
cnagaire na maidghine Muire. Ni féidir liom samhlú
go mbeadh aois nach bhfuil gaol trioblóideach taitneamhach
idir an bhean agus a cuid choirp ach ar a laghad le cabhair na n-ealaíontóirí
thuas luaite, is abhar cainte é. Ach tá sé
mar aidhm ag an alt seo an ceangal casta idir an corp agus talamh
agus stair na tíre a chur i gcuimhne.
Rachel Ní
Chuinn
Back
to top of page
|