Rachel Ní Chuinn finds a trail of visual devices in the surprise-success film, Amélie.
|
|
This
image is held at this
location, where you can find further (and larger) images
from Amélie.
|
Amélie
le Jean-Pierre Jeunet
Scannán
fíor-álainn is ea Amélie ach ba thrua é muna tugtar tuile aird ná sin dó. Cé gur thaitin Delicatessen (an chéad scannán
mór a bhí ag Jeunet) go mór liom, ní
raibh móran foinn orm an scannán seo a fheiscint mar
thoradh díreach ar an bpostaer soppy rómánsúil
a bhí ar fud na nuachtán. Ach chuaigh mé
ar aon nós agus caithfidh mé a rá nach cuimhin
liom an uair dheireannach a d'fhág mé an phictiúirleann
ag mothú chomh sásta.
Go bunúsach
is scéal saoil Amélie atá ann, beanóg
uaigneach a chónaíonn in a cuid bhrionglóidí.
Is máistir an tsonrú é Jeunet, agus is sonraithe
agus cuimhneacháin a chuireann ionadh ar na príomhcharactéir.
Cuireann sé Christian Boltanski agus a chuid boscaí
i gcuimhne. Tá cumhacht an ghriangraif go mórmhór
chun tosaigh ach tá béim ar uile saghas ghléis
taifeadta; péintéireacht, cochall ama, deachtafón,
teilifís, ceamra físeach agus an rud ba thábhachtach
cuimhneacháin pearsanta. Úsáidtear an
griangraf i rith an scannáin mar cruthú gur tharla
rudaí nó go raibh daoine i láthair. Seoltar
litreacha d'athair Amélie ó abhach ghairdín
mar chaipéis láithreachta ó áiteanna
cáiliúile ar fud an domhan agus imríonn Amelie
cluiche folaigh trí úsáid a bhaint as fótócabáin
poiblí. Ta stíl físeach an scannáin
thar barr agus tá sár-úsáid bainte as
imeartas solais agus dathanna. Imríonn Jeunet le comhsocraithe
an scannáin i ngach aon slí agus mar thoradh faigheann
an lucht-féachana aoibhneas súl agus croí.
sonrú
: detail; cuir ionadh ar : to amaze; to cause wonder; gléas
taifeadta : recording device; cochall ama : time capsule; abhach
ghairdín : garden gnome; caipéis : document; imeartas
solais : lighting effects; comhsocraithe : conventions