Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

Rachel Ní Chuinn comments on two shows at the Douglas Hyde Gallery, Dublin.

Landscapes le Michael Craig-Martin sa DHg (19/10 - 23/11/2001)

Ealaíontóir Éireannach is ea Craig-Martin ach is é seo an chéad taispeántais aige in Éirinn le tamaill fada.  Aithnítear obair an ealaíontóra seo óna dathanna gealla agus na línte glana.  Tógann sé gnáth rudaí agus léiríonn sé iad i mbealaí neamh-ghnáthach.  Glaotar landscapes ar an insealbhú seo mar tá béim láidir curtha ar thimpeallacht an duine.  Tá gach rud a bhaineann lenár dtimpeallacht ina landscape dar leis.  Nuair a siúiltear isteach san ghaileairí i dtosach, buailtear na súile le glas lonnrach agus bándearg dayglo ach tá an radharc tarraingte láithreach ag bolgáin solais ollmhór in aice na fuinneoige.  Taobh leis tá píce ag dreapadóireacht tríd na húrláir ós comhair an ghairdín taobh amuigh.  Ar an bpríomh balla tá gaothrán grafach álainn agus cloistear an hum ciúin ón bhfíseán atá ag taispeáint físe a ghabh an t-ealaíontóir fadó in iarthar na hÉireann.

Cé go bhfuil na dathanna thar a bheith neon tá suaimhneas le fáil ó na línte simplí dubha a imlíníonn na líníochtaí móra.  Tá fíor-úsáid bainte as an spás agus casann sé an gaileairí isteach in ionad dídine a oibríonn go cumasach mar éalú ó na sráideanna gnóthach taobh amuigh.  Dar liom gur éirigh leis landscapea chruthú a thugann comórtas don sean íomhá d'Éire chiúin.

This image from Kazuo Katase's DHg show is held at this location.

Kazuo Katase Ewige Wiederkunft (Eternal Return)

Sa dara gailearaí tá sé socraithe ag an DHg sraith taispeántas beaga a chur i láthair ar an ábhar Paradise.  Kazuo Katase atá ann faoi láthair.  Séard atá ann ná leathdoras le fuinneog fhada chaol  ag breathnú isteach ar sheomra bán.  Ina lár tá dronuilleog de slatanna bána timpeallaithe ag bróga dubha fear.  Ar an mballa ar chúl tá pictiúir de bhabhla dubhghorm le solas aoibheann ag teacht ón bpéint lonnrach.

Filleadh Síoraí mar theideal air, cuireann sé in úil an scíth simplí a bhaineann le teacht abhaile agus na bróga a bhaint i ndiaidh an lae fada.  Is dócha go bhfuil an babhla ag déanamh tagairt do níocháin na gcosa tuirseacha agus an faoiseamh a ghabhann leis an gníomh.  Faoin ábhar Parthais gníomhaíonn an píosa mar cheacht a thugann comhairle dúinn taitneamh a bhaint as an gnáth saol.

insealbhú : installation; bolgán : bulb; píce : pitchfork; gaothrán : fan; ionad dídine : refuge, sanctuary; dronuilleog : rectangle; faoiseamh - relief

Rachel Ní Chuinn

Back to top of page

Art-college life: two new Circa surveys




Discounted Circa subscription rates



Please notify me about Circa-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

 
Sponsors (see Circa 'Friends'):
Major Supporters:   Partners:

  


art ireland irish
© Copyright 1999-2008
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com
  Our principal funders: