Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

Rachel Ní Chuinn looks at the current 'big show' at the Irish Museum of Modern Art.

Shirin Neshat in IMMA (go dtí Nollaig, 2001)

Tá na hiomhanná seo, ó Passage, 2001, ar fáil anseo.

Rugadh Shirin Neshat san Iráin, d'fhreastail sí ar choláiste ealaíona sna Stáit Aontaithe agus nuair a d'fhill sí ar a tír dhúchais go luath sna nóchaidí thosaigh sí ag tarraingt aird an phobail idirnáisiúinta lena griangrafanna de mhná na hIráine clúdaithe ina gcuid caillí agus filíochta feimínithe na tíre inscríofa ar a gcuid chraicinn.  Ach go gairid i ndiaidh an chlúitigh sin thosaigh sí ag déanamh scannáin dúshlánaigh lán-muiníneaigh a thuil duais an Venice Biennale di. Séard atá ann le Turbulent; ceann des na trí scannáin atá le feiscint sa nua-ghailearaí in IMMA, ná seomra mór le treagaschóir ar an dhá taobh.  Ar threagaschóir amháin tá fear ag canadh isteach sa cheamra le lucht éisteachta taobh thiar de agus ar an mballa ós a chomhair feictear imlíne mná.   Tosnaíonn an bhean ag casadh amhráin ach níl lucht éisteachta aici(i gcultúr na hIráine ní ceadaítear do mhná a bheith ag canadh).  Diaidh ar ndiadh tosnaíonn an cantóir fireann ag tabhairt aitheantais di agus faoi dheireadh is léir go bhfuil guth agus cumhacht ag an mbean.  Canadh tradisiúinta atá i gceist agus tá na fuaimeanna a thagann as béal an bheain fíor-suimiúil.  Tá rithim agus buille láidir sa cheol agus iompraíonn sé na mothúcháin casta i mbealach sár-éifeachtach.  Tá sraitheanna brí le fáil ón bpíosa seo ach fiú muna dhéantar anailís air tagtar amach ón seomra ag mothú páirteach de. 

Tá an scannán is déanaí le feiceáil chomh maith.  Arís tá an-úsáid bainte as an gceol le píosa a chum Phillip Glass go háirithe lena haghaidh.  Ar leibhéal amháin is píosa domhanda é le línte uilleanacha, bán agus fir ceangailte le chéile agus mná, ciorcail agus dubh ar an dtaobh eile.   Ach is léiriú oiriúineach é chomh maith ar scéal áirithe na hIráine.  Scoiltear na fir agus na mná isteach i ndá ghrúpa; na mná i gciorcal dubh ina suí, na fir i líne bán ag siúil.  Lasmuigh den dhá ghrúpa tá cailín óg ag déanamh ciorcail as clocha í lár an fhásaigh.  Nuair a dhruideann an grúpa fear i dtreo na mban bíonn na mná ag tochailt poll mór ciorcalach san talamh.  Feictear na coirp baineann ag luascadh isteach is amach leis an gceol mar a bhéidís ag paidreoireacht nó ag caoineadh. 

Trí úsáid a bhaint as íomhánna nósúile de fireann agus baineann, bogann Neshat na tuairimí claonaigeanta maidir le buanchruth fear agus ban go dtí árdán nua.  Críochnaíonn an scannán le tine a thimpeallaíonn an dá ghrúpa ach fanann an páiste taobh amuigh den chontúirt.  B'fhéidir gur dearcadh dóchasach é seo ar  thodhchaí an chailín óig.  Pé scéal is léir nach mbíonn toradh sonasach ar an saghas sin polarú ghnéasach.  Ach ní fágtar muid gan dóchas ar bith mar is siombal d'athnuachán is ea tine agus cé go bhfuil contúirt ag baint leis, athfhásann plandaí sna luaithe saibhir.

Chomh maith leis na trí físeáin tá bailliúcháin priontaí a bhaineann leis na hábhair céanna.  Is íomhánna láidir ciúin iad le críoch gan locht orthu.  In ainneoin níorbh fhéidir iad a fheiscint i gceart de bharr an fhrithchaithimh lofach.  Tuigim go bhfuil gá na priontaí a chaomhnú ach nach bhfuil sé níos tábhactaí gur féidir iad a fheiceáil.  Ar son an ghailearaí, gabhann sé leithscéal ach tá sé deacair le creidiúint nach bhfuil suíomh na solas páirteach san fhadhb.  Seachas sin bhí na seomraí eagraithe go tuiscineach i gcóir taispeáintais na scannán.  Tá an t-ealaíontóir seo ag teacht go mór chun fóir agus ba chóir cuairt a thabhairt ar an obair seo fiú ar son an cheoil.

caillí : veils; uillleanacha : angular; treagascóir : monitor; fásach : desert; nósúil : typical; buancruth : stereotype; athnuachan : regeneration; luaithe : ashes; ag teacht chun fóir : becoming more important

Rachel Ní Chuinn

Back to top of page


Art-college life: two new Circa surveys




Discounted Circa subscription rates



Please notify me about Circa-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

 
Sponsors (see Circa 'Friends'):
Major Supporters:   Partners:

  


art ireland irish
© Copyright 1999-2008
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com
  Our principal funders: