ailt
reatha
cartlann
ailt
ealaín trí ghaeilge
foinsí
foclóra
deontais
nascanna
|
Commercial art:
art?
Anton
Corbijn, Guinness agus ealaín tráchtála
| Tháinig
Anton Corbijn an grianghrafadóir ceoil chun cinn le
clúdaigh Depeche Mode sna hochtóidí agus
ó shin tá ainm cáiliúil bainte
amach aige mar an phríomh grianghrafadóir in
a chuid raon. Le déanaí tá clúdach
albam nua Tricky Blowback déanta aige agus is
fios gur ealaíontóir é mar ní
raibh fadhb conspóidigh ar bith leis an gcíoch
nocht ar barr an cheirnín. Cé go bhfuil sár-obair
á dhéanamh ag ealaíontóirí
cosúil le Corbijn i mbealach a réitíonn
leis an margadh, tá mothú ann nach fíor
ealaíontóirí iad. An bhfuil aon fhírinne
leis an dearcadh sin nó an ceart dúinn glacadh
le híomhánna cumhachtacha cibé an foinse
a mhaoinigh iad? |

Clúdach
albam nua Tricky Blowback; grianghraf le Anton Corbijn
|
Ar
bhealach táimse cathaithe ag na dathanna saibhre agus na
hárd luachanna tairgidh a mheallann an súil i bhfógraíocht
ach an bhfuil sé féaráilte gnáth ealaíontóirí
atá ag déanamh oibre le codán an airgid a
chur faoin mionscrúdú céanna? Is cinnte go
deir scata daoine má tá an dán agat gur cheart
obair a dhéanamh taobh istigh den mhargadh mar ní
gá a bheith bocht le healaín a chruthú. Agus
is fíor sin, ní chreidim an sean coincheap sin nach
féidir leat a bheith cruthaíoch gan fulaingt, ach
nuair a oibríonn ealaíontóir taobh istigh
den teach gnó, ní féidir coinníollacha
áirithe a sheachaint. Go bunúsach tá na híomhánna
á úsáid le airgead a thuilleadh is cuma céard
atá ar intinn an ealaíontóra.
Is
breá liom an feachtas fógraíochta atá
ag Guinness faoi láthair leis an gceol clasaiceach cumhachtach
agus na híomhánna oíchiúil a feictear
gach deireadh seachtaine i ndiaidh an chluib ach níl mise
soineanta go leor le creidiúint nach bhfuil fógraitheoir
fíor-éirimiúil taobh thiar de ag láimhseáil
ár bhfrithghníomhaithe mar a bhéimís
faoi bhois an chait. Faraor mothaím go bhfuil an oiread sin
daoine ag caitheamh anuas orthu go bhfuil seans beag bídeach
ann nach fógraíocht amháin atá i gceist
(agus ar aon nós ní ólaim Guinness riamh agus
taitníonn na fógraí go mór liom). Go
bhfios dom s'é éifeacht an fheachtais ná an
dallach dubh a chur ar a chuid lucht-féachana agus ní
dóigh liom go bhfuil dul sa mhuilleann mar ceann de na príomh
ceachtanna fógraíochta a fhoghlaimíonn margaitheoirí
ag an gcoláiste.
Tuigim
cinnte go bhfuil níos mó ná bealach amháin
le cat a fheannadh (gabh leithscéal as an mbéarlachas).
Measaim féin go bhfuil an umhir céanna módhanna
ealaín a chleactadh is a bhfuil ealaíontóirí
agus tá bóthar an mhargaidh féiliúineach
do chuid acu agus níl sé oiriúineach ar bith
do chuid eile. Agus é sin ráite dar liom go bhfuil
cleachtaitheoirí ealaín tráchtála chomh
dílis agus dlisteanach sa cheard agus atá ealaíontóirí
a thaispeánann i ngailearaí agus bailliúcháin
priobháideach amháin. An t-aon difríocht atá
ann ná go bhfuil grúpa amháin lasmuigh den
chóras agus doshroichte ag an mórlucht agus tá
an grúpa eile taobh istigh den chóras agus soshroicthe,
ach is cinnte go bhfuil na millte suíomh ar an imeall lán
de mheascán ealaíontóirí ildánacha
eile.
Gluais:
conspóid - controversy, cíoch - breast, feachtas
fógraíochta - advertising campaign, dul sa mhuilleann
- to baffle, feannadh - to skin, dlisteanach - valid
Back
to top of page
|
|