Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

Rachel Ní Chuinn looks at Godard's Alphaville, which was shown recently in Dublin's Irish Film Institute. Godard's ex-wife, one of the main actors in the film, performed the honours.

Iomhá ó Alphaville ón láithreán seo

Godard agus Alphaville san IFC

(An Fhrainc, 1965, dubh agus bán, foth-theidil i mbéarla, 98 nóiméad, Jean-Luc Godard)

Tuigim go bhfuil i bhfad níos mó ar siúl san feis CinéFrance ná Godard ach tá an oiread sin le rá ar scannán amháin a bhaineann leis go bhfuil mé socraithe gan tagairt a dhéanamh don chuid eile. Má tá suim agaibh ann tá paimphléad sár-úsáideach foilsithe ag an IFC a thabharfaidh an-treoir díbh. Séard atá ann in Alphaville ná sci-fi film noir le béim ar Dick Tracey, agus tagairt déanta do scríbhneoireacht Eluard. Má fhuaimíonn sé sin casta, caith isteach roinnt teicnicí nua scannáin agus léacht mór semantics agus semiotics.

D'oscail Anna Karina, aisteoir agus iar-bhean chéile, Godard an taispeántas le guth óg cailíneach agus buíochas gairid ag míniú go raibh sí ag filleadh ar an bPáras i gceann uair a chloig. Bhí mé ann le cara liom a shíleann gurb í an bhean is áille ar domhan agus de réir an scéil, bhí cuid mór den scannán caite aige ag smaoineamh chomh ait agus a bheadh sé breathnú ar an scannán agus í cuid mhaith blianta níos sine ag suí in aice leis. Ní raibh an seans agamsa smaoineamh ar aon rud seachas an scannán. Bíonn tuairim maith agat go mbeidh ort do chloigeann a úsáid nuair a osclaíonn scannán leis na focail (malairt leagan, ní dóigh liom go bhfuil gaeilge ag an máistir); uaireanta tá an saol ró-chasta don teachtaireacht béil.

I dtosach báire, tá an scannán iomlán déanta gan breis solais, d'úsáid Godard saghas nua scannán fíor-íogarach chun an sci-fi noir seo a dhéanamh. Úsáideadh áiteanna timpeall ar Pháras a bhí ann cheana féin, mar sin is féidir a shamlú chomh as dáta agus a bhreathnaíonn sé, ach is cinnte go bhfuil ortha áirithe ag an gcabán 'telecommunications' agus na staighire díreach amach as na seascaidí. Is dóigh liom go bhfuil orm tagairt a dhéanamh don mbealach lofach a léirítear mná ach ar an iomlán bh'fhearr liom é a scaoilt tharam. Níl mórán phointe tabhairt amach faoi droch nósanna duine atá anois ina sheanfhear. Is é dóthain le rá go bhfuil na dearcaidh chomh aosta agus na suíomhanna.

Ceistíonn an scannán an módh ina úsáidtear focail. Lonnaithe i dtechnocracy Alphaville, tá gach rud ealaíonta agus pearsanta curtha ar leataobh i bhfábhar 'regime' atá go h-iomlán spleách ar loighic agus teicneolaíocht. Tá an foclóir ina bhiobla ag an bpobal agus cuirtear cosc ar focail gach lá agus cruthaítear focail nua. Ní féidir 'cén fáth' a rá, úsáidtear 'mar gheall ar' in a áit. Tá an focal 'conscience' imithe ón teanga go h-iomlán.

Déantar léirscrios ar éinne a thaispeánnann mothúcháin, cúisítear iad le coirpeacht i gcoinne na loighice. Mar ráiteas ar leataobh, deir Natasha von Braun (Karina) go ndéantar léirscrios ar caoga fear do gach bean. Pointe ar aontaigh Godard leis gan dabht go mbíonn mná in ann a bheith fuar agus chruachroíoch. Tárlaíonn na léirscriosanna ar taobh linn snámha le daoine galánta scaipthe timpeall ag ól agus ag caint. Maraítear an duine cúisithe ag scuad lámhaigh agus nuair a thitean an corp isteach san uisce léimeann mná isteach agus ionsaíonn siad an corp le scianta agus gluaiseachtaí a cuirfeadh éad ar Esther Williams. Cárbh as é sin?, is dóigh liom gur brionglóid doimhin a raibh éifeacht mór ar a shaol pearsanta Godard é, mar ag an bpointe sin ní raibh an fuinneamh aigne agam meafair casta a chruthú chun é a mhíniú.

Ach ar ais go dtí focail agus ciallanna, tá Godard cneasta go leor ligint don phríomh charactéir Lemmy Caution a admháil nach raibh tuairim aige cad a bhí ar siúl nuair a fhreastal sé ar léacht teangeolais le Natasha, a mhínigh go bhfuil sé fíor-éasca (Ó anois mothaim níos fear), níl sa saol ach ciorcail, éirítear agus íslítear, breith agus bás.

Leath bealach tríd, tógtar Caution go dtí an gcoiste smachta chathartha chun é a cheistiú mar gur stráinséir é go Alphaville, de réir Alpha 60 tá cuid de na freagraí a thugann sé gan rangniú, is dócha gurb é sin príomh teachtaire an scannáin. (Pointe suimiúil le aithint - bunaíodh físean Madonna le haghaidh 'Justify Your Love' ar chúpla radhairc) Tá sé feicthe agam go bhfuil mé tar éis cuid mór a rá gan an scéal bunúsach a mhíniú ach is dócha nach é an éirim atá tábhachtach i scannán mar seo.

Gluais: malairt leagan - paraphrase, íogarach - sensitive, ortha - charm, loighic - logic, léirscrios - excution, chruachroíoch - heartless, coiste smachta chathartha - civil control, rangniú - codify, classify, éirim - plot

Rachel Ní Chuinn

Back to top of page


Art-college life: two new Circa surveys




Discounted Circa subscription rates



Please notify me about Circa-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

 
Sponsors (see Circa 'Friends'):
Major Supporters:   Partners:

  


art ireland irish
© Copyright 1999-2008
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com
  Our principal funders: