Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

Ná díol an seanFerguson 20 sin fós

Nuair a bhí mise i mo ghlas-stócach, ag teacht i méadaíocht ar phlánaí Mhaigh Eo, ní raibh ar an teilifís ach caineál amháin ? RTÉ. (Níor ghnách don eagraíocht sin an síne fada a chur leis an "E" thiar sna drochlaethanta úd. Ceann de na clocha ba mhó a bhí ar Ghluaiseacht na Gaeilge an chéad uair go raibh cuimilt boise agam léi i lár na seachtóidí ná Feachtas an tSíne Fhada. Ach sin scéal eile). 

Clár amháín a dtugainn an-taitneamh dó an uair sin ná sraith chlasaiceach Tony MacMahon, "Aisling Gheal". Ní fios cé na míreanna aduaine ó shaol mistéireach na n-ealaíon a d'fheicfeá ar an gclár sin. Cuimhním fós ar an oíche go raibh an 

t-ealaíontóir avant garde Nigel Rolfe ag rabhláil thart ar urlár a raibh brat plúir agus púdar péinte leagtha air. Bhí m'athair sa chistin an tráthnóna go bhfacthas an aisling áirithe seo, an Rolfach clúdaithe i bpuiteach liath faoin am go raibh deireadh déanta aige. "Easy knowin' " a dúirt m'athair go fealsúnach "that fella has little turf for cuttin' ".

I dtús na bliana seo, thug Nigel Rolfe cuireadh dom lá a chaitheamh ag taifeadadh leis d'albam a bhfuil sé ag cur i d, toll a chéile do lipéad Peter Gabriel, Real World. Rinne sé scairt gháire nuair a d'inis mé dó cé mar a glacadh lena shaothar i Maigh Eo scór bliain roimhe. "You know" a deir Nigel "your father was absolutely right".

Ní Nigel Rolfe ach John Gunnigan ba túisce a tháinig chun cuimhne chugam an lá deiridh is mé ag fánaíocht thart ar Bharra an Teampaill. I lár phlásóg an Bharra faoi láthair, tá saothar ealaíne lonnaithe dar teideal dó Cenotaph. Ach an oiread le teacht i láthair An Rolfaigh fadó, is ar éigean go n-aithneodh m'athair gur ealaín atá i gceist. Ach mura ndéanfadh, is cinnte go n-aithneodh sé na hamhábhair. Ceithre cinn de tharracóirí atá anseo, de dhéanamh Ferguson le bheith cruinn. Bhí boladh an TVO is na móna i bpolláirí mo chuimhne is mé ag breathnu orthu. Tarracóir beag éadrom é an Ferguson 20, meaisín an-fheiliúnach do thalamh bog an phortaigh. Is iomaí gróigín móna a tharraing an Fergie* bheag  abhaile dúinn le linn séasúr na báistí fadó. (*sin a bhí baistithe againn uirthi i bhfad sul má bhí caint ar bith ar raicleach rua na Sasanach ríoga). 

Anois tá ceithre cinn de na Fergusons bheaga seo  gróigthe ar mhullach a chéile i bPlásóg Bharra an Teampaill. Beirt ealaíontóir, Laurent Mellet agus Paddy Jolley a chum is a cheap "mar ómós do dhúchas talmhaíochta na hÉireann" dar le hAileen Corkery, Meiriceánach óg ghnaíúil atá i gceannas ar chlár na 

n-íomhánna faoin aer sa cheantar. Nuair a d'inis mé di gur tarracóirí den déanamh Ferguson 20 a bhí iontu, ba léir go ndeachaigh mo chuid saineolais ar an nua-ealaín i bhfeidhm go mór uirthi.


Ní mé ar tugadh Ferguson 20 isteach go Toraigh riamh ? munar tugadh, is mór an t-ionadh, mar is dream iad a bhfuil cáil na healaíne orthu. Timpeall an choirnéil ó Cenotaph na dtarracóirí atá Gailearaí na nGrianghraf agus is ann atá seó an Fhrancaigh Martine Franck, "Images of Tory" le feiceáil faoi láthair. Ceiliúradh atá anseo ar shaol  oileán Thoraí is ar a phobal, iad ceaptha ar scannán ag an mbean seo ó Pháras a bhfuil tarraingt aici ar an oileán le cupla bliain. 

Ní taobh leis an gceo Ceilteach atá an Franckach. Pobal beo an oileáin an 

t-ábhar spéise atá aici. Murab ionann le gnáthaiste grianghraf a d'fheicfeá i National Geographic nó a leithéid, déantar liostáil anseo ar ainmneacha na ndaoine, idir óg agus shean. Stíl chlasaiceach Magnum, an áisínteacht cháiliúil grianghrafadóireachta a bhfuil sí ag obair leo ó lár na n-ochtóidí atá ag Martine, stíl a thugann léi saol laethúil na ndaoine ar an oileán. Cáipéis shóisialta atá ann, saothar a chuir íomhánna Bhob Quinn ón leabhar "Conamara ? an Tír Aineoil" i gcuimhne dom. Tá leabhairín beag den chnuasach grianghraf seo foilsithe ag Wolfhound Press. Tá sé cineál gortach mar leabhar ó thaobh méide de, rud a fhágann gur gá go leor de na híomhánna a phriondáil thar dhá leathanach. Baineann sin d'éifeacht agus d'inúsáidtheacht an leabhair. Ach dá mbeadh bord caifé an-bheag agat, is dócha go mbeadh sé áisiúil le cur air.

Seachas sneapanna Mhartine, tá cúis mhaith eile le cuairt a thabhairt ar an seó seo. San áireamh ann, i gceann de na prúchóga beaga clástrófóbacha sin atá thuas staighre sa ghailearaí, ta taispeántas beag de shaothar péintéirí primitíveacha Thoraí. Ina measc tá ceithre phíosa le James Dixon, nach maireann. Díreach mar a spreag mórthalann nádúrtha Thomáis Uí Chroimhtainn go leor eile sa phobal aige ó dheas le dul i mbun pinn, bhí saothar cumasach Dixon ina spreagadh do lucht na scuaibe i dToraigh ina dhiaidh. Ní raibh ach pictiúr amháín  dá chuid feicthe agam roimhe seo ? an píosa mór atá i seilbh 

Áras Nua-Ealaíne Éireann. Is breá liom an chaoi go scríobhadh sé cupla abairt ag bun an phictiúir le míniú beag a thabhairt ar údar an phíosa. Fear é a raibh aigne neamhspleách aige is é i mbun péinteála. Ná caill an deis an seó seo, idir phéintéireacht agus ghrianghrafadóireacht a fheiceáil.

Back to top of page

Art-college life: two new Circa surveys




Discounted Circa subscription rates



Please notify me about Circa-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

 
Sponsors (see Circa 'Friends'):
Major Supporters:   Partners:

  


art ireland irish
© Copyright 1999-2008
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com
  Our principal funders: