|
So you'd like a bit of TV coverage? A few wee hints...
Aon scéilín agat?
Tá an Fómhar ag teannadh linn agus tá na craoltóirí ag tóraíocht scéalta
Le theacht mhí Lúnasa, bíonn an samhradh thart d'fhormhór lucht na craoltóireachta. Romhainn amach, tá geimhreadh fada eile ag síneadh. I gcás lucht teilifíse ar nós mé fhéin, bíonn suas le sé chlár is fiche le líonadh, le léiriú, le craoladh idir seo agus Cáisc na céad bliana eile. Leis an méid sin a dhéanamh bíonn scéalta ag teastáil. Ó tharla go mbíonn lucht ealaíne i gcónaí ag iarraidh poiblíochta dá mbíonn ar siúl acu, rith sé liom cur síos a dhéanamh anseo ar an gcineál scéil a mbíonn mo leithéid ag tóraíocht.
Ach sul má labhraimid ar na scéalta, cúpla focal ar dtús faoin bpátrún oibre lena mbaineann clár seachtainiúil teilifíse. Seo mar a bhíonn le Cúrsaí Ealaíne, an clár a bhfuilim fhéin ag plé leis. Triúr léiritheoir atá ag obair ar an tsraith agus seachtain i ndiaidh seachtaine, bionn siadsan i bhfeighil clár a chur i dtoll a chéile. Mar seo a leanas a bhíonn.
Abair gur léiritheoir A atá ar an duine atá i mbun na céad seachtaine. Ar an gcéad tseachtain scannánaíochta déanann léiritheoir A an t-ábhar suímhe a thaifeadadh(sé sin an scéal a ndéantar taifeadadh air ar an láthair, áit ar bith sa tír no ar domhan taobh amuigh de gheataí RTÉ i nDomhnach Broc). An darna seachtain, tosaíonn léiritheoir B ar an scannánaíocht a fhad is atá léiritheoir A ag réiteach don eagarthóireacht agus don taifeadadh stiúideó an tseachtain dar gcionn. Deis atá sa darna seachtain seo ag léiritheoir A a bheith ag deimhniú na scéalta a bheidh le scannánaíocht aige nuair a rachfas sé amach arís i gceann coicíse. Sa tríú seachtain, tráth go bhfuil léiritheoir C tosaithe ag scannánaíocht agus léiritheoir B ag réiteach don eagarthóireacht, bíonn A istigh sa seomra eagarthóireachta, ag cur an chláir i dtoll a chéile. I dtús na seachtaine sin, bíonn oíche thaifeadta stiúideó ag léiritheoir A. Nuair a bhéas an eagarthóireacht críochnaithe, isteach leis te bruite sa stiúideó iarléiriú fuaime, tráthnóna Dé hAoine, áit a ndéantar an fhuaim a mheascadh agus tráchtaireacht no ceol a chur leis na pictiúir, de réir mar a fheileann.
Sa cheathrú seachtain siúd amach le léiritheoir A ar an mbóthar ag scannánaíocht arís a fhad 's atá fotheidil á gcur ar an gcéad chlár atá léirithe aige, sul má chraoltar é oíche Déaraoin na ceathrú seachtaine.
Triúr láithreoir/tuairisceoir atá ag obair ar an gclár agus ar feadh an ama bíonn scéalta éagsúla á bhforbairt, á dtaifeadadh, á gcur in eagar is á ndubáil againn leis an triúr léiritheoir éagsúla. Ar feadh an ama leis, bíonn muid ag cuartú scéalta·
Bionn na Gaeil go minic ag tabhairt amach nach dtugtar aird go leor orthu agus scéalta á roghnú againn. Ceann de na cúiseanna atá leis seo ná go mb'fhéidir nach bhfuil aon bhlas cloiste againn faoin scéal ar an gcéad dul síos. Go minic chomh maith, ní thagann daoine chugainn leis an scéal ceart.
Anuraidh mar shampla, ghlaoigh bean orm ó ionad úr ealaíne i dtuaisceart Chontae Átha Cliath. Tráthnóna Dé Ceadaoin a bhí ann, más buan mo chuimhne agus an Mháirt ina dhiaidh bhí sí ag súil le Bertie Ahern a theacht leis an ionad a oscailt go hoifigiúil--aon tseans ar chriú a chur amach?
Bhí roinnt deacrachtai ag baint leis an scéal sin a chlúdach. Ar an gcéad dul síos, ní scéal é a d'oir d'irischlár. Scéal nuachta a bhí ann, scéal dea-nuachta a bhí tábhachtach do na daoine páirteach, ach nach mbeadh mórán téagair ann do phobal féachana náisiúnta. Chomh maith leis sin, níor leor cúig lá foláirimh le criú a chur ar fáil, fiú má bhí fonn orainn an ócáid a scannánú.
Ach in éis dom labhairt leis an mbean ar feadh cúpla noiméad fuair mé amach go raibh scéim an-spéisiúil scannánaíochta ar siúl san ionad do dhaoine a raibh dúshláín fhisiciúla rompu. Bhí sraith scannán á réiteach acu d'fhéile idirnáisiúnta--anois b'shin scéal agus an-chuid ceisteanna le cíoradh ann. Cén chaoi a raibh an t-éagumas ag dul i bhfeidhm ar an scanánnaíocht? Cé na scéalta a bhí le ríomh acu? An rabhthas ag déanamh geiteo díobh is dá gcuid scannán? B'shin ábhar i bhfad ní ba spéisiúla don phobal ná cúpla seat de Bhertie Ahern ag gearradh ribín agus straois an Státaire ar a éadan.
Sé bun agus barr an scéil ná le sraith cláracha a choinneáil ar an aer ar feadh an tséasúir, is gá cuid mhór réamhphleanála a dhéanamh. Is gá lucht teilifíse a chur ar an eolas ar a laghad sé seachtainí roimh an ócáid. Is fiú glaoch gutháin a chur, ach is fearr roinnt eolais a bheith curtha sa phost roimhré. Ní chuile scéal a fheilfeas don inseacht teilifíse agus is fiú bheith ag samhlú cén chaoi a bhféadfaí do scéal a theilifísiú sul má théann tú i dteagmháil.
Back
to top of page
|