Current issue
ailt reatha

cartlann ailt

ealaín trí ghaeilge

foinsí foclóra

deontais

nascanna

Music and art: the strange story of the nine wassies.

Ag Péinteáil le Fuaim

Tá jóc leagtha ar Louis Stewart an sárghiotáraí snagcheol, i dtaobh ceoltóir giotáir U2, the Edge. Arsa Louis "Tá socrú ann idir mé fhéin agus the Edge--ní chaithimse hataí aisteacha agus ní chasann sé siúd an giotár".

Tarcaisniúil, a déarfá, bitsiúil b'fhéidir. Pé duine a chum an líne (agus ní chreidim fhéin gurbh é an Stiobhardach a rinne), is mór an seans nach bhfuil a chuntas bainc baileach chomh folláin le ceann Fhear na Ciumhaise.

Agus bíodh is gur fíor nárbh aon virtuoso sárlíofa riamh an tEdge, d'aimsigh sé a fhuaim fhéin go luath ar an ngiotár, fuaim a bhfuil ceoltóirí seisiún virtuoso sárlíofa ar fud na cruinne anois ag déanamh aithris air nuair a deir léiritheoir leo "céard faoi fhuaim éicint a chuirfeadh U2 i gcuimhne beagán?"

Is ag baint usáid as sintéiseoirí giotáir chomh maith leis an uirlis fhéin a d'aimsigh an tEdge a stíl fhéin. Bhí seisean ar cheann de na daoine ba mhó a rinne ceannródaíocht ar an meaisín seo. Tá úsáid i bhfad níos forleithne bainte le blianta as an sintéiseoir méarchláir, an gnáth synth atá ag chuile ghrúpa beo a bhfuil ceoltóir méarchláir ina measc. Ach in ainneoin U2 fós a bheith ar bharr an dréimire raccheoil, ní hé an oiread ceoltóirí giotáir a bhfuil staidéar doimhin déanta acu ar fhéidireachtaí synth an ghiotáir.

Fear a bhfuil a leithéidí déanta aige é an Corcaíoch Giordaí Ua Laoghaire. Duine spéisiúil é an Laoghaireach--chomh maith le bheith ina ghiotáraí virtuoso, tá nós aige chomh maith hataí aisteacha a chaitheamh anois is arís. As na hUaimheanna, lámh le cathair Chorcaí do Ghiordaí, baile a d'fhág sé píosa maith ó shin ("it's hard to be cool in Ovens" a mhínigh sé dom uair amháin). Le blianta beaga anuas, tá cáil faoi thalamh bainte amach aige lena ghrúpa triaileach Nine Wassies from Bainne.

Bíodh is go bhfuil naonúr luaite sa teideal, ní raibh riamh níos mó ná triúr i gceist sa bhanna. Go deimhin mar cheoltóir aonair a thosaigh Mac Uí Laoghaire amach agus é ag úsáid an ainm Nine Wassies--é fhéin, a Fender Strat bán agus an bosca draíochta sin, an sintéiseoir giotáir. Cupla mí ó shin a eisíodh an chéad dlúthdhiosca ó na Wassies--ansin de réir nós fadbhunaithe an rock 'n roll, scoir an grúpa.

Pé rud a tharlos anois, is suaithinseach an oidhreacht atá fágtha go dtí seo ina ndiaidh ag na Wassies i bhfoirm an albaim, Ciddy Hall. Meascán atá ann d'fhís avant garde Uí Laoghaire, ceoltóireacht ardchaighdeán (a fhéachann i gcónaí leis an rud atá cruthaithe acu a bhaint as a chéile ar an toirt, os comhair do dhá chluais) chomh maith leis an ngreann spleodrach reibiliúnach sin ar dhlúthchuid é do dhearcadh an Laoghairigh ar an saol.

Amhrán grinn a thaitníonn go mór leis an gcuid sin dá lucht leanúna a thuigfeadh na liricí é "Mothaímse níos Gaelaí na Seán Ó Ríordáin". Ar an CD, tá athmheascadh raidiciúil déanta ag an ngrúpa dj/léiritheoirí Decal ar an traic, rud a fhágann nach bhfuil na liricí le cloisteáil níos mó ach ar éigean. Fágann sin nach dtig an túslíne iontach "Mothaímse níos áille ná Sharon Ní Bheoláin·" a dhéanamh amach ar an leagan úr.

Ina dhiaidh sin is uile, rud contúirteach é an greann. Má bhaineann ceoltóir cáil an ghrinn amach go luath ina shaol ceoil, sin an cháil a fhanfas leis. Beidh súil ag an bpobal le hoíche mhaith gháire ina chomhluadar. Ní miste sin ar chor ar bith--tá i bhfad an iomarca ceoltóirí agus oirfidigh ar an saol a phlúchfadh tú lena ndáiríreacht. Ach mura samhlaíonn an pobal leat ach greann, ní thabhairfidh siad cluais cheart éisteachta d'aon rud eile atá ar siúl agat.

Agus b'fhiú riamh an chluais sin a thabhairt do na Wassies. Bhí claonadh riamh ag an Laoghaireach i dtreo na fuaimealaíne agus obair i gcomhar déanta aige le lucht suíomhealaíne agus amharclainne san am a caitheadh. Tá an blas ildánach sin le haireachtáil ar chuid d'amhráin an albaim. Baineadh cuid mhor úsáid as áiseanna ardteic ríomhaireachta agus an eagarthóireacht á dhéanamh ar na traiceanna. Cuireann sé seo le castacht an tsaothair, ag tabhairt blaiseadh den chathair ghríobháin arb í samhlaíocht an chumadóra í.

In amanna (i gcás an chéad traic, "the day got mustrad death" mar shampla), bíonn an fhuaim beagnach dothuigthe ag éinne seachas an té a chum é, nó an té a bheadh sásta oiread ama a chaitheamh ag éisteacht leis is a chaith lucht a chumtha á chur i dtoll a chéile. Ach le réimse tionchair ar nós Frank Zappa agus Captain Beefheart, ní hí an chumarsáid an chloch is mó ar phaidrín na Wassies i gcónaí, ach ligint leis an tsamhlaíocht a cuid fánaíochta fhéin a dhéanamh. Déantar é sin go sármhaith san amhrán "Mr. & Mrs. Lapsipah", scéal faoi bheirt thurasóir ó Chorcaigh a théann amú i mBurma. Aimsíonn "Shop at Fleadhworld" an sprioc go paiteanta, é ag caitheamh anuas ar chion na nGael ar an scoil samhraidh, geimhridh, earraigh agus fómhair. Tá fáil ar Ciddy Hall i siopaí áirithe ceoil ar fud nar tire, é á dháileadh ag Gael Linn.

Back to top of page


Marks - a new Circa / Stinging Fly collaborative publication

Survey of studio spaces in Dublin



Art-college survey: students/ lecturers/ tutors



Discounted Circa subscription rates



Please notify me about CIRCA-related acitvities; my e-mail address is:

It would also help us if you indicate your country of residence:

On sale now: Space: Architecture for Art, CIRCA's 272-page publication on the theory and practice of art spaces; incorporates an extensive directory of art spaces throughout Ireland. Click here for more information. Space cover


art ireland irish art
© Copyright 1999-2008
Circa Art Magazine
43/44 Temple Bar
Dublin 2, Ireland
Tel / Fax: +353 1 6797388
e-mail: info@recirca.com