Bit by bit, Irish galleries are launching themselves on the web.
Scéal dhá láithreáin
De réir a chéile tá dánlanna na hÉireann á láinseáil fhéin amach sa cibearspás
Le blianta beaga anuas tá athrú tagtha ar an gcúpla abairt dheiridh sin a thagann mar chlabhsúr ar chomhrá gnó, go háirithe le teagmháil úr. "An bhfuil mo chuid uimhreacha agat?" a deir daoine anois. Ní ag iarraidh a chur i gcéill gur séiceanna ola iad a bhfuil caisleáin agus ollphubaill ar fud gleannta féaracha agus gaineamhlaigh ghaofara an domhain acu. Níl ann ach go bhfuil fóinín beag i bpóca a gcléibhe acu agus teacht orthu dá réir ag an uimhir úd nó sa bhaile. De réir mar atá glactha leis an bhfocal "uimhir" san uimhir iolra, sin tá ceistín eile ag teacht chun cinn "an bhfuil seoladh ríomhphoist agat?".
Ag breathnú ar liosta na bpríomhghailearaithe ealaíne i mBaile Átha Cliath ar an láithreán úsáideach New Exhibitons http://www.newexhibitions.com/ireland_1.html(aisteach go leor níl ach dánlanna na hardchathrach luaite) is léir gur cuid bhunúsach dá bhfeisteas catha cumarsáide é an seoladh riomhphoist. Ach is beag ceann acu a bhfuil an chéad chéim mhór eile tógtha acu amach sa cibearspás--láithréan a bheith feistithe amach acu féin dá ngailearaí. Eisceachtaí sa méid seo iad an Gailearaí Kerlin agus an Gailearaí Solomon, dhá dhream atá ag plé le gnéithe an-éagsúil den mhargadh ealaíne in Éirinn.
An margadh nua-ealaín idirnáisiúnta an muileann a mbíonn an Kerlin ag tarraingt uisce ina threo. Le hainmneacha ar nós Kathy Prendergast, Willie Doherty agus Dorothy Cross á gcur chun cinn ag an Kerlin, tá idir théagar agus ghradam ag baint leis mar ghailearaí. Stíl shimplí, mhionach atá le leagan amach an spáis acu ar Lána Áine i ngiorracht scread asail ó Shráid Grafton (bíodh is gurb annamh go mbeadh deis agat an tslat áirithe tomhais sin a thriail sa cheantar sin).
Sí an stíl chéanna atá mar bhunús ag an suíomh chomh maith ag www.kerlin.ie--leathanaigh ghlana, nach bhfuil plúchta le dath ná an iomarca stíleanna cló. Cúig cinn de rannóga eolais atá ar fáil anseo--eolas faoin ngailearaí fhéin, faoi seacht gcinn déag d'ealaíontóirí atá á gcur chun cinn aige, leathanach faoin seó reatha, ceann eile faoi chlár na dtaispeántas don bhliain seo agus rannóg eile faoi thaispeántaisí eile a chonacthas sa Kerlin san am a caitheadh.
Buail isteach chuig rannóg na n-ealaíontóirí agus feicfidh tú trí cinn d'íomhánna ó gach aon duine ar leith acu, chomh maith le cuntas beathaisnéise. Is maith liom an stíl a bhaineann leis na haltanna eolais seo faoina a bhfuil bainte amach ag na healaíontóirí--stíl oibiachtúil í a thugann na fíricí duit gan an iomarca maíomh a dhéanamh as gaiscí éinne. Mar fhoinse eolais tá an rannóg seo an-úsáideach. Rud amháin eile a bhféadfaí a chur leis an chuid seo den láithreán seo ná cuid de shaothar fiseáin na n-ealaíontóirí a bhíonn ag plé lena leithéidí a chur ar fáil. Stíl eile ar fad agus ealaín a bhaineann cheapfá le ré eile ar fad a bhíonn le feiceáil sa Solomon, na spásanna Seoirseacha sin ar chuid d'ionad siopadóireachta an Powerscourt iad. Duine de mhaithe agus móruaisle na hardchathrach í úinéar na háite Suzanne MacDougald agus is ann a bhíonn M & Ms an bhaile ag tarraingt lena gcuid ealaíne a cheannach.
Ní mionach an stíl a luafá leis an láithreán seo www.solomongallery.com ach maisiúil. Arís cúig cinn de rannóga atá le fáil anseo--ceann faoin seó reatha, ceann eile faoin a mbeidh le feiceáil ann sna míonna atá romhainn, eolas ar na healaíontóirí a chuireann an Solomon chun cinn, an leathanach baile fhéin agus rannóg aischainte. Murab ionann agus an Kerlin, áit nach bhfuil aon chaint ar phraghsanna, tá lipéad luacha taobh le gach aon phíosa ealaíne nach mór atá le feiceáil ar an láithreán seo agus náideanna go leor san áireamh i ngach aon phraghas acu. Anuas air sin is féidir ealaín a cheannach ón Solomon tríd an láithreán gan do sheomra socúil ríomhaireachta fhéin sa bhaile a fhágáil beag ná mór.
B'fhéidir go léiríonn sé easpa thubaisteach ar mo chuid oideachais chlasaicigh, ach níor thuig mé ar an bpointe cén fáth gur i Laidin atá nótaí beathaisnéise na n-ealaíontóirí breactha. Taobh le saothar Peter Collis, Brian Ballard agus Ana Duncan tá an t-alt céanna a thosaíonn "Lorem ipsum dolor sit amet·" Ansin rith sé liom go raibh an téacs sin feicthe agam cheana agus bhreathnaigh mé ar an gclár Microsoft Publisher ar mo ríomhaire faoin teideal Láithreán Gréasáin. Sea mhuis siúd arís an t-alt céanna Laidine é leagtha amach mar dhréacht samplach san áit a gcuirfeá fhéin isteach do théacs fhéin. Ach mar a deir an seanfhocal ní bhíonn suíomh gan locht.
Back
to top of page
|