ailt
reatha
cartlann
ailt
ealaín trí ghaeilge
foinsí
foclóra
deontais
nascanna
|
Ealaín ar an ngréasán
Agus lá mór fhear ruaigthe na nathracha nimhe sa mhullach orainn arís, bíonn súle an domhain mhóir (dar linn fhéin ar aon nós) dírithe ar an oileáinín iathghlas seo ar imeall na hEorpa thiar. Bíonn daoine nach bhfuil acu ach an crómasóimín Éireannach is fánaí amuigh á samhlú fhéin ina nGaeil mhóra go smior is go smúsach, nó go mbuaileann póit an phórtair ghlais iad ar aon nós, maidin i ndiaidh na féile.
Tá ceoltóirí traidisiúnta na tíre ag teacht i dtír le fada ar an bhflosc gaelachais a bhuaileann na Poncánaigh go háirid ag an tráth seo den Earrach. Beidh na polaiteoirí leis ag tarraingt ar dhorais an Tí Bháin, a gcuid babhlaí seamróige á síneadh go dóchasach i dtreo an uachtaráin sin a bhfuil oiread craicinn buailte aige más fíor, le híochtaráin a thíre fhéin.
Ach cá bhfágann sin pocaide gabhair na dearcealaíne in aonach seo na féile Pádraig? Bhuel áis úr atá tagtha le blianta beaga ar an saol le soiscéal ealaíne na tíre seo a scaipeadh go domhanda é an gréasán digiteach. Diaidh ar ndiaidh, tá péintéirí, dealbhóirí, súomhealaíontóirí is eile ag aimsiú a gcuid cibearspáis fhéin is á gcur fhéin chun cinn go domhanda dá réir. Seo mar sin spléachadh ar dhá láithreán Éireannacha a fhéachann le healaín Éireannach a sheoladh chun an domhain mhóir.
Níl sé ach cupla seachtain o shin ó seoladh láithreán úr Áras Nua-Ealaíne Éireann. Ag http://www.modernart.ie atá fáil ar an láithreán deadheartha seo, é ag cur síos i stíl ghonta, bheacht ar imeachtaí agus gnéithe éagsúla d'obair na hinstitiúide. Tá eolas anseo ar a bhfuil de thaispeántais faoi láthair ann, ar a bhfuil pleanáilte don chupla mí atá romhainn chomh maith le cartlann chuimsitheach dá bhfuil feicthe sa Mhúsaem le dhá bhliain anuas. Bhraith mé easnamhach in áiteacha é ó thaobh na físiúlachta, locht mór ar láithreán de chuid músaem ealaíne. Níl aon íomhá le cois an téacs eolais ar thaispeántas Kathy Prendergast mar shampla, seó a fheicfear i gCill Mhaigneán roimh dheireadh na bliana. Tá iontas orm nach bhfuil eolas ar bith sa rannóg faoi Chlár náisiúnta an árais a chuirfeadh síos ar an taispeántas bríomhar atá le feiceáil in Inis Díomáin i gContae an Chláir faoi láthair (seo ar cuireadh síos anseo an tseachtain seo a caitheadh air. Anuas ar sin, níl aon chlip fuaime ná físeáin anseo. Is trua sin, mar tá roinnt ealaín físeáin an-spéisiúil i seilbh IMMA, agus b'fhiú go mór bheith in ann a leithéid a bhlaiseadh is tú ag tabhairt cibearchuairte ar an músaem. Sáiteán beag eile sul má bhuailim ar aghaidh ? murab ionann is láithreáin MoMA Nua Eabhraic nó ceann an Tate i Londain mar shampla, níl aon áis anseo le cur ar chumas duine aon chuid de leabhair nó de chatalóganna an mhúsaeim a cheannach tríd an ngréasán. Ó tharla go bhfuil caighdeán chomh hard ag baint le foilseacháin IMMA, is trua gan an deis tapaithe acu len iad fhéin a chur ar fáil go héasca do phobal domhanda. Ach mar a deir an seanfhocal is de réir a chéile a thógtar na láithreáin agus tá dúshraith shlachtmhar leagtha ag an Áras anois, dúshraith arbh fhéidir tógáil go leor a dhéanamh amach anseo air.
Láithreán atá ar maos le heolas agus le deiseanna le pictiúir a fheiceáil, le breathnú ar chlipeanna scannán agus le healaín a cheannach tríd an bpost é www.knuttel.com ? gailearaí gréasáin Graham Knuttel. Tá stadas ar leith ag Knuttel i saol ealaíne na hÉireann. Seans maith gurb é an péintéir Éireannach is rathúla riamh ó thaobh airgid é agus tá a chuid pictiúr ar crochadh ar bhallaí ar fud Hollywood Mheiriceá. De bharr an dúspéis atá curtha abhus ag Terry Keane an Sunda Indo ina shaol grá, tá Knuttel ar dhuine de na healaíontóirí comhaimseartha Éireannacha is mó a n-aithneodh an gnáthGhaeilgeoir a léann an Sindo (gan é a admháil ar ndóigh) a ainm. In ainneoin (nó dá bharr seans) an ratha atá ar a shaothar, tá an ghráin dhearg ag furmhór lucht ealaín Bhaile Átha Cliath ar dhéantús Knuttel. Ealaín tráchtála, gan doimhneacht gan aon aidhm ach airgead a dhéanamh ? sin an gnáthliodán peacaí marfacha a luaitear leis an Knutteleach. Is leor do dhaoine eile é a bheith molta ag Des Fennell len é a dhamnú go deo, ach sin scéal eile.
Go deimhim tá boladh an airgid le haireachtáil ó láithreán an Knutteligh. Is cuimsitheach an méid eolais atá ar fáil ann ina thaobh, idir nótaí dírbheathaisnéise ón ealaíontóir fhéin, chomh maith le haltanna éagsúla atá scríofa faoi i gcaitheamh na mblianta. Is féidir priondaí (ar postaeirí sínithe iad dáiríre) a cheannach d'aon phictiúr dá chuid, ar £250 an ceann (leagan 20 X 30, bíodh is nach luaitear ar cheintiméadair nó orlaigh atá i gceist) nó £500 (leagan 30 x 40).
Áit eile ar an láithreán tá os cionn leathdhosaen clip ó scannán faisnéise dar teideal "Blood on the Canvas", a rinne Julian Charlton, eagarthóir físe de chuid Telegael agus mac gníomhaire Knuttel, Hugh Charlton. Pé rud a déarfaí faoin ealaín, is láithreán den chéad scoth atá curtha le chéile anseo le saothar an fhir seo a chur chun cinn.
Back
to top of page
|
|